Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 26

Ar mbeith do Patruicc agus dona naomaibh sin ar aon ris i cCaisel .i. Ailbe agus Déclan cona ndeisciplaibh i ffarradh Aengusa mic Natfraich do cuireadh leo moran do geinntlighecht agus do shechrán an creidimh ar cúl. Agus do iompóidhettar íatt cum an chreidimh Chriostaidhe. Agus do orduigh Patruicc agus Áengus mac Natfraich i fiadhnuise cáich uile a ccoitcinne airdespuccoide Muman do beith ag Ailbe, agus do órdaighettar do Dhéclan mar an ccedna a chenél fein .i. na Déisi, óir isé do iompó íad ona sechran agus ambeith aicce ina paraiste agus ina espuccoide. Agus mar do dhéndais Ére do Patruicc gur ab amhlaidh sin do dhéndáis na Déisi do Déclan da bpátrun féin agus adubairt Patraicc an rann:—

    1. Ailbhe umhal; Patraicc Muman, mó gachrath,
      Déclan, Patraicc na nDéisi: na Déisi ag Declan gan brath.11

p.44

Agus as ionann sin re a rádha agus gur abé Ailbhe an dara Patruicc na Muman, agus gur abé Déclan dara Patruicc na nDeisi. Ina diaig sin ar cceilebradh don sigh doibh agus doibh uile le céle do chuattar na naoimhsin da níathaibh féin do shíoladh an chreidmhi.