Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 25

Do rinneadh míorbuile an tan sin ar Dheclan tre


p.42

impidhe Phatraic agus tre na guidhe, óir do bí Déclan ag siubhal go nemhaireach isin slighidh, agus tárla iarann gér fris agus do gherra chos, agus do theilg fuil go dásachtach agus do thionnsccain Declan beith bacach agus do bí Ailbhe Imlig do lathair na miorbuile sin agus Sechnall espucc descipal Patruicc agus aderar gurab é sin ceid-espucc do cuaidh fo úir Ereann riamh. Agus do ba naemhta eccnaidh é agus do chuir orra go mór an cnedh sin tarla ar Declan. Agus do hinniseadh do Patruicc in ni sin; agus dob olc leis. Agus adubairt: ‘Slánuigh a thiccerna cos do sherbhontaidhe féin fhuilinges mór do dhúadh agus do dochar ar do shon.’ Agus do ghlac Patruicc an chos agus do chuir comharta na croiche césta ar an ccneidh agus do sccuir a fuil go luath, agus rucc bél na cneidhe chum a chéile agus ticc sele fuirre agus do bi slan agus do eirigh Declan ina sesamh agus a chos slan leis. Agus tuccatar uile moladh do Día. Na sluaigh, agus na ceiterna do bí ar an latair annsin tuccatar gáir mor os aird ag moladh Dé agus na naemh.