Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 23

Tainic aingeal Dé chum Declain agus adubairt ris: ‘Eircc go luath mar a bfuil Patruicc agus toirmiscc uime do chinedh agus duthaig do mallacadh oir ata attredhenus ar ar in rígh anocht san magh ra raiter an Inneoin. Agus da mallaighe sé do chinedh beitt mallaighthi go brath.’ Is ann sin do ghluais Declan maille re deithneiss mór ar furailemh an aingil go hInneoin .i. áit sin atá ar lar Maighe feimhin isin rann tuaidh dona Déisibh. Agus do ghab tarsna na sleibhe Cua agus tar Síuir agus rainic isin maidin ar na marach mar a raibhe


p.38

Patruicc. Agus mar do chúalaidh Patruicc agus a dheiscipail go raibhe Declan da nionnsaicche doba forffáilidh iad roimhe, óir do chualatar nar báil leis techt. Agus do gabh Patruicc agus a phopul é maille le honóir móir. Agus do gabh Patruicc agus a phopul é maille le honóir móir. Agus do umhlaigh Declán do Phatruicc agus do ghuidh é go dútrachtac nach dernadh sé a chinedh desccaine na do mhallachadh ná an talamh da raibhe se. Agus do gheall a thoil féin dó dá chinn sin. Agus a dubairt Patruicc ar son do ghuidhesi ni hedh amháin nach mailleoch íatt acht do ghén a mbennachadh. Agus do chuaidh Declan an tan sin mar a raibhe rí na nDeisi dó bi accomhfhoccus do. Agus do thaircuisnig Patruicc agus nír fhaomh creidemh dó ar impide Décláin agus do gheall Declán luaighidheacht dó do chind dola mar a raibhe Patruicc agus baisttedh do ghabhail agus an creideamh daontucchad agus nir faomhsomh sin ar chor ar bith nó ó résun ar domhan. Agus o do chonnairc Declan sin .i. rí na nDeisi, Ledban ar nanmain, ina micreidem agus ina diabhaltacht ro iompo gus an oireachtus deccla go mailleocad Patruicc a chinedh, agus a duthaig beittís féin malluighthi ara shon, ‘Óir do bhaistesa sibhsi agus do bennaigheas agus teccaidh lim,’ ar sé,‘ dionnsaige Patraicc neoch do chuir Dia cuccaibh da bhar mbennucchad óir ata sein ar na togha ina airdespocc agus ina ardpatrún in Erinn uile óir dlighimse mhatharda féin agus a bheith im righ oruibh inar dligheas an fer útt.’10 Agus leis an nguthso do eirgettar agus do leanattar Declan. Agus rucc Declan iatt dionnsaighe Patruicc, agus adubairt ris: ‘An ffaicenn tu

p.40

mar tangatar cinedha na nDeisi liumsa mar tigerna do tionnsaighe agus mar do faccbatar an ticcerna malluighthi aga rabhatur. Agus biodh a fhios agatt go ffuilit siatt ullamh chum onora do dénam duitsi agus chum do thola do choimhlionadh óir as uaimsi do gabhattar siatt baisteadh chuca.’ Agus do éirigh Phatraicc ina sesamh leis an mbhreithir sin agus a dheiscipuil maille fris agus do bhennuigh cinedh na nDeisi agus ní headh amháin acht a ccoillte agus a nuiscce agus a ttalamh. Agus adubhratar maithe na nDeisi agus a núaisle an tan sin: ‘Cia bús rí nó bús tigerna orrain anossa?’ Agus adubairt Declan: ‘As meisi as tigherna oraibh, agus gibe nech oirdéocas meise oruibh ina thigernae beinneochaid Patruicc hé agus do genam uile a bhennuccadh. Agus biaidh ina righ oruibh uile’. Agus isé nech do ordaigh Declan annsin Fergal mac Corbmaic nech ócc do cinedh na nDeisi agus fá do gháol Déclain féin eisein. Agus do chuir sé i medhón cáich in ionad righ é. Agus do thaitin le cách uile, agus do bheannuigh Patruicc agus Declan é agus do ghoir gach nech dibh fo leith ina righ é. Agus adubhairt Patruicc ris an occlach gomadh crodha laidir i ccataibh agus go madh torthach an talamh re a lind. Agus is amhlaidh sin bíd ríghu na nDéisi do gnath.