Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 22

Na diaigh sin tainic an t-epscop naemhtha glormhar cend irse agus creidmhe insi Gaóideal in Erinn .i. Patraicc ó Chelestínus Papa, agus do chuaid Aengus mac Natfraich ina choinne mar do cualaidh a thuarusccbáil da ionnsaighidh agus tucc leis maille re gloir agus le honóir móir da catraigh rioghda féin go Caiseal hé. Agus do bhaistt Patraicc eisuimh agus do bhennuigh é féin agus a cinedh agus a chathair. Agus do cualaidh Patraicc go raibhe rí na nDéisi gan creidemh na baistedh do gabail cuicce agus gur eirigh esáenta etar he agus Déclan, agus gur eittigh foircetal do ghabhail uadha. Agus do chuáid Patraicc do shenmoir & an cetrar easpoc adubramar do bi in Erinn roimh Patraicc, agus do bí san Roimh. Agus ní rabattar dáontoil le Patraicc acht Declan amhain gidedh do chenglattar sídh agus pairt fris iar sin. Agus do umhlaigettar do. Ciaran imorro do rinne gach uile aiditte agus umhla dó agus do bi dáontoil fris da lathair agus rechtair. Ailbe imorro


p.36

mar do connairc righa agus ticcernaidhe Ereann acc umhluccadh do Patruicc agus ag techt ina coinne tainic fein go Caisiol da ionnsaicchid. Agus do umhlaigh dó, agus do ghabh mar maighistir chuicce he hi fiadhnuise an rígh agus cáich uile. Agus biodh a fhios accaibh gurab é Ailbe do ordaighettar an drong naémheaspocc sin ina mhaighistir orra. Agus ar an adbhar sin tainic ar tús mar arraibhe Patraicc ionnus nach beittís sion asa ucht accontrardhacht do, agus go mbudh usaitte leo teacht fona smacht agus fona riaghail eisiumh ar tus do theacht ann. Espocc lubair imorro nír fhaomh sé ar chor ar bith umlaccadh do Phatruicc óir nír báil leis cineadhaig ele do bheith ina bpatrunaibh in Erinn. Agus is amhlaidh do bai Patruicc do ba Bretnach é iar mbunadhus. Agus do hoiledh in Eirinn é ar na tabairt i mbraighdenus innte in aois a mhacdachta. Agus do bí easáenta agus cennairrce ar neirge etar Patruicc agus espocc lubhair o tús gidhedh ar ttecht daingeal na siodha ettorra do ronsat comáenta agus braithreas do cengal ettorra; agus do bhattar reidh o sin súas. Agus nír báil le Declán contrardacht do Patruicc ar aon modh oir do cenglattar muinnterus re ceile ar slighidh na hEtaille agus is amhlaidh do aithin an t-aingeal de techt go Patruicc agus a thoil do dhenam.