Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 21

Agus a ndiaigh an mara do thiormuccadh mar adubramar don naomh oirderc sin edhón Declán sa ainm agus aclú do chuaidh fo Erinn ona fhiortaibh moraibh examhlaibh do thionnscain a mhainistir mór do chumhdach don taoibh thes don tssuth ata tre san mis isin fairrgi. Agus as onorach deghmaisech an mainistirsin. Agus isé as ainm dhi Airdmóir Declain, mar a dubhramar. Agus na diaigh sin tangatar daoine iomda a rannaiph imchiana Ereann fo clú anaomhtachta agus a deighbhes an tí Declain agus tuccattar iatt fein ettar anam agus chorp do Día agus do Déclán. Agus do cenglattar íad féin fo chuing agus fo riaghail dó, agus do cumhdaighedh leis ina duthaig fein sna Déisibh in gach aon aird teampuil agus mainistreacha agus ni hedh amain


p.34

ina dúthaig fein acht ittíribh ele Ereann fo cuairt. Agus as mor do míltib do mnaibh agus dferaibh do bí fona cuing agus fona riaghail is na hionadaibh sin adubramar ar fud Ereann aga ttuccattar ambetha as go conaigh. Agus ro ordaigh drong da dheisciplaibh ina nespuccaibh agus do chuir íad is na h-ionadaib sin do shíoladh creidmhe agus crabaidh inntu. Agus do bfollus búidhe agus socharthanaighe in epscop naemhtha Déclan an méitte sin gomadh ferr le na deiscipal a bheith fona smacht agus fona riaghail agus ina dheiscipal aicce ina neach díbh do bheith ina uachtarán imainistir ele.