Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 20

Agus do iompo Declán go hAit mBresail7 mar ambittis loinges agus artrighe na h-innsi a port leth atuaidh anonn agus anall este. Agus do fhoilgettar muinnter na h-innsi a nartraige uile ionnus nach fedfad Déclan aittrebhad innte, óir as mór do bí eccla orra Déclan daittrebad innte deccla iatt féin do sccrios este. Agus adubhrattar a dheiscipail re Declan:‘A athair,’ ar síad, ‘as mór neithe reccar ales agus as minic imlochtadh cum na h-innse so agus budh mioncu andhiaigh tusa do dol ar nemh ina anosa agus guidhmít tú go sechna tú hí nó dan go ffagha tú o Día an fhairrge so do drud amach o tir ionnus go ffeadfaidhear dol do chosaiph thiormaibh innte, oir adubairt Criost gibe ní iarrfair ar mathairsi im ainm fein do bhera daibh é8 oir ní h-éidir an tionadsin daittreabadh go hurasa acht muna druiti an fhairrge amach uaithe. Agus ar an adbar sin ni h-éidir duitsi do chathair do chumhdach innte.’ Do freccair Declan dóibh agus adubairt: ‘Cionnus do fhedfainnsi an tionadh do gealladh damh o Dhia agus inar gealladh madhnacal agus meiseirge do bheith do shechna?’ 'Agus an ní adeirtísi


p.30

tré dhocra aa aittreabaidh in áil libh go nguidhfinn Día inacchaid athoile .i. agluasacht nadúrta féin do búain don muir. Gidhedh ar bhar ffuráilemhsa cuirfett urnaighthe cum Dé agus gibe ní bus toil le Dia do gentar é.' Agus do éirgettar muinnter Declain agus adubrattar ris: ‘A athair gabh do bhachall cuccat amhail do rinne Móysi, risin slait, agus búail an fhairrge dhi agus foillséochaidh Dia athoil duit mar sin.’ Agus do guidhettar a deisccipuil leis ar an adbar sin óir doba daoíne derbhta náemhtha íatt agus tuccadh an bhachall illamh Decláin agus do bhuail an tuiscce le in ainm an Athar agus an Mic agus an Spiorait Naeimh. Agus do chuir comorta na croiche césta lé ar an uiscce. Agus go luath ó fhuráilemh agus ó ched De do thionnsgain an fhairrge drud amach ona h-ionnadféin comh luath sin go rabhattar piasta an mara ag snamh agus oc rith agus gurab ar eiccin rangattar amach leis an muir. Agus do fhaccaibh iascc iomda ar an traigh tirim le na luáithe do gluais. Agus do len Déclan an fhairrge roimhe mar sin agus a bhacaill ina laimh. Agus do lenattar a deiscipail eisiumh agus do bí gáis agus foghar mór ag an muir agus ag na piastaibh ag imtecht. Agus an tan rainic Déclan an t-ionad ina bfuil crioch na fairrgi anossa adubairt lenab ócc da deisciplaibh se Declan dar bhainm Mainchin ar ngabháil eccla dó roimh thorann an mhara agus ria ngáir na bpiast nanaithnidh. Agus ambeoil osluiccthe9 ag lenmain an uiscce: ‘A Athair’ ar sé, ‘ní becc duit afhad ro dhiochuiris an mhuir óir atá eccla na bpiart nadhuathmar so oruinn.’ Agus mar do cualaidh Declan sin agus an mhuir ar nanmhain le breithir an leinimh nir maith leis hé, agus do iompo ris agus do bhuail do bhuille bhecc ara ssoin he. Agus do fearattar tri bráoin

p.32

fhola uadha co lár fo cosaibh Declain attri hionadaibh. Agus do bheannuigh Declán ashrón agus do sccuir an fhuil go luath. Agus adubairt Déclan: ‘ní meisi do díchuir an fhairrge’ ar sé, ‘acht ase Día ona chumhachtaibh mora féin do ionnarb í, agus do dhenadh ní bud mó muna abartása an dubartais.’ Agus an t-ionadh inar thuitettar na tri bráoin sin do muighettar tri topair bhecca duisge milis sholas fo chosaibh Declain. Agus maraitt na toipre sin fós. Agus do cíther go hannamh i ndath fola iad do cuimniucchad na miorbal sin. Agus ata mile ar leithett san traigh sin do tiormaighedh on uiscce. Agus as fada an tslicche ar fad hí agus ina timcell agus as maith agus as torthach an ferann treabtha, agus feir hí sin fo mainistir Declain. Agus an bhachall do bí illáimh Décláin ag denamh na miorbal sin isé as ainm dhi .i. ‘an fhertach Décláin’ ona fertaibh agus ona miorbuilibh dorinnedh uaithe. Agus adéram tuilledh da miorbhuilib in ionadh ele inar ndiaigh.