Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 19

Agus an clocc adubhramar do cuiredh do nimh chum Decláin do bí se an tansin ag Runán da iomchor mar adubhramar óir nír bhail le Déclan sccaradh ris ar aenchor agus tucc


p.26

Runan an lá sin hé do neoch ele da raibhe ina chuidechtain ag teact chum na luinge doibh. Agus ar ttecht chum na tragha doibh do leicc an clocc ar carraicc ar lár. Agus do dhemaitt an clocc isin ionad sin no go rabhattar leth slicchedh san ffairrge. Agus is ann sin ro cuimhnighsett he. Agus, ar ccuimhniuccadh air, do bhattar go toirrseach tre na dhermatt. Agus do bi Declan go ro thuirsech ar son an tiodlaicthe do cuiredh do nimh chuicce ona thigerna do dhermat in ionad nar saoil sé a faghail coidhce. Agus do fhech Declan osa cind ar nemh agus do rinne urnaighthe ina inntinn cum nDé. Agus adubairt ris na deisciplaibh, ‘Cuiridh bhar ttoirrse dibhóir as eidir le Dia do thiodhlaic an clocc utt do nimh o thosaig achur anossa illuing iongantaigh eiccin as.’ As mór agus as iongantach agus as degh-maisech mar do umhluigh an cretúir gan résun gan tuiccsin inacchaid nadúra da cruthuigteor féin óir do snái an characc ro throm dogluaiste go direch ionnus gur bó gerr in aimser go ffacatar cuca hí ina deaghaidh, agus an clocc uirre. Agus ar ffaicsin na neithe iongantach sin do muinntir Decláin do lionadh iatt o grádh Dé agus donóir a maigistreach .i. Declain. Agus adubairt Déclan go fáidheamhail leiccidh remhaibh an clocc ar se agus lenaidh go dírech hé, agus mo theghdais espocoide agus as eistte rachat go flaithemhnas, agus as innte bhias meiseirge. Agus do chúaid an clocc riasan luing agus do sccuir don triubhal mór do rinne roimhe óir do an sé beccán roimhe an luing ionnus go ffaictí este é agus nach béradh an long air. Agus do dhirigh an clocc roime cum n-Ereann ionnus gur gabh cuan isin taobh thes .i. is na Deisibh iMumhain ag an inis dárab ainm Inis Aird na gCaorac an tansin. Agus do ghabh an long an port cedna amail adubairt Declan. Agus do chúaidh an fer naemhta sin i ttír agus tucc grasa agus moládh do Dhia ar son go ttainic se go h-ionad a eisérge.

p.28

Agus is annsan inis sin do bhattar cáoirigh mna righ na nDéisi do ghnáth aga ccoimhett. Agus is uadha sin adeirti Inis Aird na Ccaorach. Agus do bí cnoc ard innte. Agus dob aoibinn deghmaisech é. Agus adubairt nech dá mhuinntir ré Declán ar ndol ar mullach an chnuic sin:—‘Cionnus fhéadfas an t-ard becc so do phopulsa do chothuccadh?’ Agus adubairt Declan: ‘Na habair sin a mheic grádhaigh, ní h-ard becc hé acht ard mór.’ Agus do len an t-ainm sin don chathair .i. Airdmóir Déclain. Agus ina diaigh sin do chúaidh Declan go righ na nDéisi agus do iarr an inis adubhramar air. Agus tuccadh do hí.