Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 18

Agus adeirit drong ele go ndechaid Declan morán duairibh don Roimh, gidedh ni faghmaittne sccriobhtha ona senndaoinibh condechaid sé acht tri h-uaire amáin da h-ionnsaighid. Agus uair eiccin dibhsin do ghabh Declan ar cuairt go h-easpoc naemhtha boí imBratnaibh dar bainm Dauit gus ar ecclais re raiter Ceall Muine mar a raibhe an t-espoc sin a ccois tragha roinnes etar Erinn agus Bretnaibh. Agus do gabh an t-espoc sin go honorach Déclan. Agus do bí da ficet la ina fhochair maille re gradh agus le gairdechus, agus do chanadh aifrionn gach lái. Agus do chenglattar cumand, agus carattradh ettorra féin agus luct an ionadh ina ndiaigh go brath. Agus ar ccoimhlionadh an dá fichet lá sin do Declan do glac a ced ag Dauit agus tucc pócc dó a ccomharta sídha. Agus do chuaidh fein agus a deiscipuil cum traga an mara do dhol illuing dionnsaighi Ereann.