Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 15

Do chuaidh Declan aimser eiccin dfios an ionaidh ina ruccadh é. Agus doroine comnuide da ficet la ann agus do chumhdaighedh leis ionad onorach ina raibhe gnatuccadh lochta crabaidh do shír. Agus is annsin tangattar an moirsheiser adubhramar romhoinn do roíne a naittrebh a ttimceall Maighe Sciath, agus do rinne an fhaidettoracht dionnsuighe Declain agus tuccattar iatt féin agus a nionadh dó mar do gheallattar agus is iad so a nanmanna .i. Mocelloc agus Riadain,4 Colman agus Rachtain,5 Findlogh, Caeman,6 &c. Agus do bhattar an drongso fo riaghail Espoic Declain ina diaigh sin, agus tuccattar ambetha go conaigh as, agus do rinnettar miorbuile iomda asa h-aithle.