Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 13

Ina diaigh sin tainic Déclan chum nEreann acht aon ní robaoi Déclan glic mar nathair neimhe agus cennsa mar cholaim, agus cosmhail ris an mbeich ar sholatar, óir mar thiomaircces an bhech an mil agus sechas na luibhe urchoideacha is amhlaidh sin do rinne Declan, oir do tiomsaigh se smir milis na ngrás agus na sccrioptúiredh ndiadha ionnus gur líonadh de é. Agus do battar cethrar despoccaibh naemta i nÉrinn maille re na ndeisciplaibh roimh Patraicc do teacht innte do rinne senmoir agus foircetal Dé innte do shiolad. Agus is iatt an cetrar sin Ailbe agus Espoc Iubair agus Declan agus Cíaran. Agus do Tairrngettar so moran do dhaoinibh ó shechrán chum creidimh Críost, gidhedh ise Patraicc do shíol an creidemh i nErinn agus ise ro thionnto tigernaidhe agus righae na h-Ereann fri bathais agus creidemh agus iodhbairt agus breithemnus bratha.