Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 10

Agus tarla da céle ar sliccidh na h-Etaile, Espoc Declán agus Patruicc. Agus ní raibhe Patruic an tansin ina


p.18

epscop agus do bi ina diaigh ó Celtinus Papa agus do cuiredh é do shenmóir dona h-Eireanchaibh oir ase Pattruic íarffír as aird-easpoc innsi Ereann go hiomlán. Agus do ceilebhrattar da cheile, agus do cenglattar cumann agus brathairsi ettorra. Agus tuccattar pocca daroile mar comharta sithe. Agus do imtigh gach nech dibh le na toiscc fein .i. Decclán do cum nEreann agus Patruicc do chum na Romha.