Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 8

Isi in aimser do bi espoc naemhtha .i. Ailbhe, ar ndol nuimir bliadan roimhe sin do chum na Roma agus do bí ann affochair Hilarius Papa, oir ise do rinne Espoc de. Agus ar ndol do Declán maille le na deisciplaibh chum na Romha do ghabh gairdechus agus luathgaire mór Ailbe roimhe, agus do fhoillsigh a naemhtacht agus a uaisle ó fhuil don popul Rómhánac. Agus fuair onóir agus gradh fírinneach on phopul agus on chléir Romanaigh air na aithne dóibh amhail roba diongmala dó, oir do bí deas deghdénmha o fhoirm, agus umhal ina oibrechaibh, agus milis ina bhriathraibh, agus mor ina chomhairle, agus saer ina cómhradh, agus subhailceach ina dreich, agus fairsing ina thiodhlaicthibh, naemhtha ina beatha agus taithnemach ina míorbuilibh.