Do bi Decclan aimser fhada abfochair an duine naemhtha adubhramar .i. Dimma. Agus do foghlaim sé leigheann agus crábhadh, agus écsamhlacht eladhan, agus foircettail aicce. Agus do bí iúlmhar séim acfaineach ionnta. Agus tangattar daoine iomda dar bhaithnidh uaisle Décclain do réir fhola ar na chloistin dóibh métt anaemhtacta agus a ghrás. Agus do umhlaighettar íatt féin dó. Agus do gabhattar chuca a chuing riaghla agus crábaidh do chengal orra. Agus do brethnaigh Declán dol do Roimh dfoghlaim bés agus modh eccalsa