Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 6

Agus do battar moirseiser do daoinibh ina ccomhnuidhe isin aittreibh do bhí isin ionad sin .i. iMaigh Sciath. Agus do foillsiccedh doibh go minic an chaer theinedh a dubhramar do connarcas inam geinemhna Decláin. Agus tainic do grasaibh De gurabh iadsin ced daoine dosinne faistine agus fóillsiuccadh ar an saignen sin. Agus tangattar an moirseiser so mar a raibhe Decclan, agus do gabattar é mar maighistir agus mar thigerna. Agus do fhoillsigettar hi ifiadhnuse cáich accoitcinne go madh easpoc é iar tan. Agus a dubhrattar go fáidhemhail ‘Tiucfa lá a mheic grádhaig agus a sherbhontaidhe Dé ina tiubhraimne sinn féin agus ar nionad dheitsi.’ Agus is amhlaidh sin do bhí oir do crettettar ina diaigh sin do Dia, agus do baistteadhíatt. Agus do bhattar eccnaidh craibhteach fuirechair agus do cumhdaigedh leo recht tteampuill mar onoir do Día attimcell Maighe Sciath.