Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 4

Agus ina diaigh sin do iompo Colmán da ionad fein agus do aithin Declán doilemhain go honorach deithitnech.


p.12

Agus a chur cum leiginn accionn asect mbliadan da ffaghtaí foghlainntidh ar bith accomhfhoccus dó do bheith ina criostaide. Agus do foillsicchedh subhailche agus sochartanaighe mór inaccaidh Deccláin in aimsir a bhaiste asar tuiccedh go madh mór a shubhailche agus a rúna spiratalta iar ffoirbtiuccadh dó. Agus ar bfaicsin agus ar ccluinsin na neithedh sin do chombrathair Eirc .i. Dóbran, do ghuidh sé Erc agus Deithin fan mac do tabairt dó da oilemháin agus tuccadh dó é. Agus is e dob ainm don baile sin Ait Dobrain conuicce sin. Agus is e a ainm o sin amach Ait Declain. Agus tucc Dobhrán an baile sin do Déclan & do athraigh fein abhaile ass go h-ionad ele. Agus ar mbeith do Déclán athaid fhada ina diaigh sin ina espoc do rinne sella onorach ann anonóir Dé. Agus is ann ata an tionadsin isin rann thes dona Deisibh don táoibh thóir do Maigh Scciath agus ní fada uadha cathair Mocuda .i. Lis mór. Agus do h-oiledh Declan maille le deithitin moir ag Dobhsan .i. ag brathair a athar go cenn a sheact mbliadan agus doba mór gradh Declain dó. Agus as mór do mhíorbuilibh do fhoillsigh Dia trit ar fedh na h-aimsire sin. Agus ar ccomhnuidhe do grasaibh an Spirat Naeimh ann do shechain gach uile locht agus gach uile mian nemhcedaighteach ris an aimsir sin amhail bad criostaidhe cráibteach iúlmhar é.