Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

caibidil 3

In oidhce geine Declain do taisbéanadh iongnadh mór do chach agus don droing do bi accomhgar dáit agheinemhna .i. cáer theinntidhe dfaicsin tre lasadh ó mhullach an tighe ina raibhe Declán, agus no teigedh suas go nemh agus anúas arís, agus aingil imdha na timcell. Agus hí hi fioghair


p.10

dréimire amail do taisbénadh don Patriarc Iacob naemhta.2 Agus na daeine do chonnairc agus do chualaidh in ní sin dob iongnadh leo he. Agus ní raibhe a fhios aca gur abe Dia do rinne foillsiuccadh a míorbuile fein isin naoidhin sin agus ina ócclach fein do brígh go raibhe esbaidh an creidimh orra agus ar an talamh da rabhattar uile. Agus gidhedh ar na aithris sin don fhior Chriostaidhe .i. do Cholmán, neoch do bhái an tansin ina saccart agus ina diaigh ina espoc naemtha, tainic se maille le gairdechus mór agus ar na lionabh do Spirat na Faidhettóracta chum an ionaid irraibhe Declan agus do shenmóir da tuistigibh creidemh Criost agus do fhoillsigh doibh go raibe amac lán do grasaibh, agus do foíllsighedh do mét gloire agus onóra na naidhen sin ag Dia agus ag Daoinibh, & do foillsiccedh do anaemhtacht agus achráibhtighe do bhéradh abeta ass. Agus tainic dfertaibh Dé gur creittsiot an drongsin .i. Erc agus Deithin do Dhia agus do Colmán. Agus tuccsat an mac sin da bhaisteadh do Cholmán. Agus tuccsat an mac sin da bhaisteadh do Cholmán, agus do baistt é. Agus tucc Declan dainm fair, agus ahaithle abhaistte atbert Colmán ag denam faistine don naoidhin hi fiadhnaise caich—‘go firinnech, a mhéic gradhaigh agus athiccearna búd árd agus budh onórach innimh agus ittalmain tú agus lionfaidher ceithre h-airde Ereann do clú do naemhtacta agus do deigbhés agus sóidhfir do dhuthaig fein .i. na Déisi ó eitricecht go creidemh Críost. Agus ar an adhbar sin cenglaimsi cumann agus brathairsi riot agus aitnighim dot naemthact mé.’