Corpus of Electronic Texts Edition
Life of St. Declan of Ardmore (Author: Unknown)

p.2

caibidil 1

Beatissimus episcopus Declanus de nobilisimo Hiberniae regum genere .i. an t-espoc naemhta re n-abartar Declanus as dho chinel ro uasal rioghraidhe Ereann dó neoch do caith flaithes agus cioscain Ereann i ttemraigh aimsear fhada. Agus do bí Declan ar na gheinemhain mar bhus follus asa geinemhain agus asa gheineleach úasal ó fhuil, oir is amhlaidh do bhí Eochaid Feidhleach chum a mberar a gheinelach romh ina airdrigh chumhachtach for Erinn uile go hiomlán da bliadain deag agus do bhattar triur mac aige .i. Bres agus Nar agus Lothola a n-anmanna agus as friu adbertí na tri Findemna, agus do gab móirsheisear agus céd rompa so, agus da sliocht ina ndiaigh agus da ccomhbrátraibh .i. sliocht Eiremhoin righe nEreann ria ccreidemh agus iar ccreidemh. Agus do luighettar an triúr mac sin in áenló lé na ndeirbhsíair féin .i. Clothra ingean Echaidh Feidhligh. Agus do toirrcedh í uathaib a ttríur agus an mac rucc si don toirrces sin do bhí roinnti ó trí sriabhaibh dercca da fhoillsiucchadh go raibhe ar na geinemhain on triúr sin. Agus do bhí deghmhaiseach do réir faicsiona agus láidir o bhríoghaibh in aimsir a lenbdachta mar nar gnáthach lenab a comhaesa do bheith. Agus is é ba hainm dó Lucchad Sriabh ndercc ona trí sriabhaibh derrca adubhramar. Agus is ann ro tionnsccain righe nEreann do gabail anbhlíadain fuair Gaius Cesair bás agus do bhí sé sé bliadhna fichet hirighe nEreann, & do bhí mac aicce dár bó hainm Criomtan Níanair & ní raibhe sé acht sé bliadna déag hi righe. Agus baoi mac ag Criomtan dar bainm Feradach Findfechtnach. Agus


p.4

mac doséin Fiacha Findolaidh. Agus mac doséin Túatal Techtmar. Agus do bi mac ag Tuathal dar bo comhainm Feidhlimid Rechtmar. Agus battar triur mac ag Feidhlimidh .i. Cond-céad-cathadh, & Eochad Find & Fiacha Suighde. Agus baoi Conn fichi bliadain hi righe nEreann & meraidh clú agus oirdearcais thoradh an talman & ineatha & inblechta bói inErinn re linn Chuinn-céad-cathaig go deired an domhain. Agus do marbhadh hi Maigh Cobha re hUltoibh é .i. le Tiopritte Tireach. Agus asíad ashíol go brát as mo gabhus rige nEreann. Agus is é Eochaid Find doba mac thanaiste ag Feidhlimidh Rectmar. Agus do chóidh iccoicceadh Laighenn. Agus is ann atád ashíol agus asliocht ó shin. Agus áirimhther mar Laignechaibh iatt. Agus atád morán do tigernaibh & do daonibh cumachtaibh dibh illaighnibh. Fiacha Suighde imorro is ann dobi ferann aicce attimcell naTeamrach. Gidedh fuair se bár ní as taoscca ina dobí righe nEreann aicce. Agus do bhattar triúr mac aicce .i. Rossa agus Oengus agus Eogan agus fa gníomach, galach, gaisccemail an triur sin hi ccathaibh agus hi ccomhlannaibh. Agus do dhersgnaigh Oengus díb ar cródhacht uile, agus as fris aderti Oengus Gaebuaibhtech. Agus is é fa rí Ereann an tansin Cormac mac Airt mic Cuinncéttchathaigh. Agus do bhí mac ag Corbmac dar bhainm Ceallach mac Corbmaic agus rucc sé inghen Eogain mic Fiacha Suighde ar aitheadh leir .i. Creidhe inghen Eoghain. Agus mar do chualadh Oengus Gaebuaibhtech sin .i. inghen adhearbratar do breith do Cheallach leis do gabh fercc mor he, & do len Ceallach go Temhraigh agus a dhalta lais .i. Corc Duibhne mac Cairpri mic Conaire mic Moga Lamha do bí ingíallnus ag Corbmac ó Mhuimhneachaibh. Agus as dó Engus da

p.6

coimheatt tucc Corbmac é. Agus ar ndol go Temhraigh do Éngus do chonnairc Ceallach ar cúlaibh Corbmaic ina shuidhe. Agus tucc sádhadh sleighe fair gur chuir trit ón taobh go araile. Agus ag tabhairt na sleighe ass do bhen a hurlann tar súil Corbmaic go rossbriss, agus do bhen a hurlann isin reachtaire go ros marbh agus ro imhtigh fein agus adhalta slán ar chula ina diaigh sin. A cceann aimsire tucc Corbmac da aire esbaidh amheic agus a shúl agus a rechtaire ó Aengus Gaebuaibhtech agus on a brathribh agus do bretnuigh sé a nionnarbadh óna ndúthaig féin .i. ó Deisibh Temrach agus ni h-uaithe amáin acht ón taobh thuaid dEirind uile. Agus tuccad recht ccatha ettorra nías taoscca ina do gabhattar ionnarbadh chuca. Agus do ronsat dighbhal mór do Corbmac agus da mhuinntir sna cathaibh sin, gidhedh as iadsan do cláidhedh ann, agus dob éiccen doibh fa deoigh an duthaig dfagbhail agus ionnarbad do gabhail chuca .i. tri meic Fiacha Suighde .i. Rossa agus Oengus agus Eogan, mar a dubramar romainn. Agus ar na nionnarbudh mar sin ó righ h-Erenn tangattar go righ Muman go h-Oilill Olum ar gaol Saidhbe ingine Cuinn-ced-cathaig roba ben dó. Agus fuarattar ferann ann .i. na Déisi Mumhain, agus as da sliocht sin .i. do shliocht Eogain Mic Fiacha Suighde atád rígu agus dúthchasa na nDéisi ósin anuas.