¶1] Fionán Náomh do Chorca Dhuibhnne a deirthear a bhunadhas, agus an oidhche do ghaibh a mháthair 'na broinn é do thaidhbhrigeadh dhí iasg órgha do theacht air eitiolladh ó thurgbháil gréine & a thuirling ina béal & a bheith torrach uadha, & do c[h]uaidh go Criodhán Naomh & d'innis a h-aislinge dhó, a dhúbhairt Criadhán ria, badh naomh do thoirrchios & do gheabha grása ó Dhia, & dob fhollas sin an feadh do bhí sí torrach da m-biadh sneachta & doineann an domhuin ag fearthuinn ní bheanfadh braon re h-éadach a mhathar-san dé, & gach easlan re m-beanadh a seile do leighiseadh é & gach bíadh do roinnidis a lámha gé nidh beag é & gé madh mór re roinnfídhe é do badh léor leó é, óir ó thúismidh an tí-si .i. Fionán & air m-beith dhó 'na leanbh, do bhadar grása dé ina fhocair. Aimsir éigin da n-deachadh sé amach le macaomhaibh óga, do innis dóibh gach nídh do thiucfadh dóibh idir mhaith & t-saith & gach nidh do theangmhadh dhoibh ó bheag go mór do ghalaraibh {MS page 2} le a t-teagmhaidís, do shlánadh iat uile. Lá éigin dar cuireadh Fionán ag coim[h]éad na laogh nách deachaidis do dheól a máithreach mar dob' fhada dóibh do éirig Fionán, & do tharraing an maide do bhí iona láimh idir na bá & na laoigh, & a dúbhairt an te do dhealladh an mhuir ré chéile & nár leig clann Israel do bháthadh nár leigidh sé sibh-se chum a chéile, & ni dheachadh ceachtar díobh tar an t-téoruinn sin. Lá eile do chuaidh Fíonán & tug leis maide as an g-coill gan chead do Bhreanuinn agus do tharaing Breanuinn an maide as a láimh & do theilg air an t-teine é, & gidh fada do bhí an maide air an t-teine níor loisg é & dar leat níor bhean an teine leis, & táinnig ám mar
¶2] O 'd-chonnairc Breanuinn a mhéid do mhíorbhuillibh do ghníodh Dia air Fhíonán níor bháil leis go m-beidis a b-fholach, & a dúbhairt re Fíonán a bhrathair ionmhuin, as oircheas do gach n-duine aguinn, muintir & eaglais air leith do bheith aige chum fóghanta do Dhia & bhíodh do rogha agad-sa anmhuin anso maille re roinn do na deisgiobla & misi do dhul d'iaraig áit eile. Ní h-amhla bhias air Fíonán, óir as óige misi & as me rachas d'iarraidh ionnad & cuir-si do bheannocht liom, do dhéantar amhla air Breanuinn & déin-si imtheacht nó go roiche Sliabh Bladhma & an t-ionnad a t-teaghma dhuit ailbhín do thorcaibh allta déana eaglais ann, & do ghluais Fionnán maille re beannochtain a oide i. Breanuinn as sin go Sliabh Bladhma, & tárladh dhó ailbhín do thorcaibh allta mar a dúbhairt Breanuinn agus d'fan sé ansin, & do chúmhdaig eaglais an Ceann Eitig a deirthear ris aníugh. Lá dá raibh sé ansin, tángadar cuideachta d'iarraidh bidh air. Tárladh an feodhmanach doibh & {MS page 4} a dúbhairt riu anmhuin no go n-abradh Fíonán an t-aifrionn, a dubhradar nách anfaidís & go madh éigion bia d'fághail dóibh, táinig an feadhmannach chum Fíonán & do innis sin do, tabhair dóibh air Fíonán gibé nídh atá agad. Táinig an tan sin bean chráibhthioch d'fios Fionáin & naoi n-aráin & an annlan ime lé, tug an feadhmannach sin do na ceithearnaibh, d'fuadar a sáith agas ni rugeadar a bhuidhe re Dia ná re Fíonán & do mhilleadar a b-fhuigeall don bhia,
¶3] Aimsear eile do rinneadh coite d'Fíonán a n-aice Locha Lúidheach a c-Ciarúidhe, & do chuir fios chum tighearna na tíre dá rádh ris an coite do thabhairt chum an locha, táinig an tighearna go n-a mhuintir, agus níor fheadsad aonchor do cur de, & air n-a fhaicsin {MS page 5} d'Fíonán nár fhéad siad nídh don choite do rin úrnaighthe chum Dé & tugsad Aingil gan fuireach an coite chum an uisge.
¶4] Lá eile d'Fionán aig siubhal, thárla buidhean a sladaígheacht dó, & do shanntúigheadar an naomh go n-a chuideachtain do marbadh, as an tárla duine uasal dóibh dárbh ainim Lonán air n-a sheoladh ó Dhía do thoirmeasg a mhúinntire do mharbhadh, agus do rin Lonán sin, a dubhairt Fionán air son mar do theasargais sinne ó ar naimhdibh & ó naimdibh an chreidimh, ní badh tréan do namhaid ort féin go h-aimsear do bháis a Lonáin. La eile d'Fionán a teacht d'fios a dhúithídhe féin tarladh a t-tigh é & do mharbh fear an tíghe laogh aon bhó do bhí aige don Naomh go n-a mhúintir, do foillsigheadh sin d'Fíonán, & do rin úrnaighthe & táinig laogh ó Dhía air an lathair sin, & do c[h]uaidh cum na bó mar do rachadh a laogh féin. An lá céadna do bhris cos eich d'eachaibh carbaid Fhíonán, & thug Dia as an loch each ró-áluinn chuige do rin ionnad an eich sin do go ceann tri m-bliadh[a]n, a c-cionn tri m-bliadhan a dúbhairt Fíonán ris an each, imthig go Loch Lúidheach as a t-tangais & bí mar do bhádhais roimhe.
¶5] Lá eile d'Fíonán ag sióbhal ina charbad, tárla crann mór do tarsna air an slíghe, ionnas nár fhéad {MS page 6} an carbad
¶6] Lá eile tugadh macáemh do bhí a b-pairilis idir chois & láimh & uile bhall a b-fhiaghnaise Fíonán & do h-iaradh air a fhurtacht. Do ghlac san baill an leinbh, & a dúbhairt ris éirig an ainim dé & bí slán, & do éirig an macamh le bréithir Fionán & do bhí slán. Lá eile do ghabh tart Fionán, & d'iarr deoch uisge air a ghiolla, is fada uisge ón ionnad so air an giolla, toghuibh-si an bachall & tabhair buille dá cois is an talamh & tabhair uisge chugham-sa, do rin an giolla amhla sin & do sgeinn tobar uisge a n-diaig loise na bachaille agas tug an giolla uisge as {MS page 7} chum Fíonán. Lá eile do ghabh eagla rómhór Corca Dhuibhne roimh Neachtain do bhí aig teacht dá h-arguin & dá sgrios, do chuireadar san teachta chum Fíonán, agus ghúidheadar é uim teacht dá g-cabhair & dá t-teasargoin air a naimhdibh, do chualaig Neachtain go raibh Fíonán aig teacht aig iaraidh sidhe air féin do Chorca Dhuibhnne, agus do chuir teachta 'na coine dá rádh ris gan teacht dá iaraidh san air & nách faghadh é, gidheadh táinig Fíonán mar a raibh Neachtain, & ó nár fhéad sidh d'fághail do iar cáirde míosa dá dhúithig & ní b-fhuair & ó nách fuair do iompuig chum a dhúithe féin & do rin uisge coisreagtha & tug dóibh dá ól é, agas a dúbhairt riú eirig a c-coigchrích bhúr b-fearainn & cosnaidh bhur n-dúthaig go sonairt & ná fágbhaidh í do thabhairt catha do shluagh eile, & dá m-beirthídhe buadh nárab móide bhur n-uabhar é & tabhraidh glóire do Dhía. Do roinsídh amhla, & táinig Neachtain & mórshluagh na cheann d'arguin, & do mhille[adh] na tire, do cloidhbrudh (?) an sluagh mór sin ón m-beagan daoine do bhí riómpa san tír & do mharbhadh sé fithchid díobh, ba móide fearg an rígh uaibhrig do mhille[adh] na tíre sin, a dúbhairt Fíonán, a deirim re h-each an rígh imtheacht uaidh
¶7] Lá éigin dó ann do tháinig feadhmanach an rígh chuige, & a dúbhairt ris féin & re n-a mhúinntear cuala conaig gacha duine do thabhairt leó chum teineadh an rígh, do éirig Neachtain go n-a a mhúintir air cheann an chonuig & do chuadar air mearaighe is an g-coill, & ní bh-fuair ionnad a c-coidlach sé féin ná a mhúintir an óidhche sin acht cuas crainn, agas tug san cualadh air a mhúin ar n-a mhárach go teagh an rígh. Air n-a tuigsin do Neachtain go t-táinig gach nídh do thairngair Fíonán do chum críche do iompaig tarais dá thír & dá dhúthaig féin, & táinig a bh-fiaghnaise Fionán & do leig a ghluin faoí & d'iar maithfeachas a n-dearnaig d'éagcóir air Dhia & air Fíonán, & ó'd-connairc Fíonán aithríge & úmhla Neachtain, do ghuidh tar a cheann, & do h-aisígheadh a ríghe féin arís dó.
¶8] Lá éile táinig duine ionnraic do bhí san tír chum Fíonán & do ghuidh é fa lamh leis chum síobhail ró mhóir {MS page 9} do bhí 'na éigean air do dhéanamh re beagán aimsire; do thóguibh Fíonán a lámh & do bheannaig an duine, ionnas gur c-siobhal re trí h-uairibh do ló trí lá do dhuine eile.
¶9] Lá eile táinig a thighearna duthaigh go Ceann Eitig chum Fionán & do ghearáin ris go rachadh a thir & a dhúthaidh uaidh muna b-fhaghadh sé ochtar ban friothailte don rígh mar fá béas dó no an luach do gheabadh an rígh féin ionnta. An-sa am fharasa air Fíonán no go b-fhionnam cread do dheana Dia ris sin, air n-eirge dhó as a chodla air n-a mháireach do fhuair luadhacht na n-ocht m-ban moghaidh d'ionnmhus láimh ris, & do innis do Fhionán sin. Déan-si imtheacht air Fionán & tabhair sin tar cheann t'fearainn, & do rin amhla & do ghluais roimhe maille re bheannochtuin Fhíonán & do bhí a c-Corca Dhuibhne an oidhche sin do bhí uaig trí lá no a ceathair ó Ceann Eitig, & do dhiol a fhiacha an a t-tráthchoir. Lá eile do mhúintir Fhionán aig buain is an b-fhoghmhar agus táinig fearthuinn rómhór an, go náir
¶10] Lá eile d'Fionán aig síobhal, tarladh duine ceangailte do & daoine ós a chionn chum a mharbhtha, air ghrádh {MS page 10} Dé na d'éinig sin air Fíonán, nir fhiadsad umorro aon buille do bhuala air le gúidhe Fhíonán, & air n-a fhaicsin sin do na daoinibh agá raibh an do léigheadar an t-slighe uatha é do Dhia & d'Fionán.
¶11] Lá eile do cuaidh Fíonán go Fáilbhe rígh Corca Dhuibhne & do ghuidh é an dolaigh rómhór do bhí aige air an t-tír do mhaitheamh dóibh. Dá t-troisgthea-sa fa s[h]eacht ris sin, air cómharleacha do chomhairlibh an rígh, ní b-fhaghtha an nidh do iarais, muna b-fhaghad-sa é air Fionán do dhéantar anachán do nimh air a shon, tainig teine do nimh gan fuireach & do loisg baile an rígh agas gach n-duine do aontaig ris. Tugadh macámh balbh a b-fhiaghnaise Fionán & an righ, & do ghúidheadar Fionán uim úrlabhar do tabhairt do & tugadh do é gan easbaidh aon fhocail, & an fear do dhíulta Fionan a droichbhriathraibh do mhúintear an rígh do ghabh aithreachas é agas tugadh gach nídh do iar Fionán air dó. Do bheannaig Fionán é & do aisig aurlabra dá chomhairleach air ghuidhe an rígh & a raibh ina thímchioll.
¶12] Lá eile tugadh duine bacach do bhí bliaghain go leith 'na lúighe chum Fionán, [do shlánaigh Fíonán] é le n-a aonbhréithir, ionnas go raibh trí lá & tri h-oidhche an aonchodla, {MS page 11} agas tug Fionán triubhas dó & a dúbhairt ris a bheith uime gach lae & go mairfeadh aige re feadh a bheatha & an lá nách geabhadh uime é go madh gar bás dó.
¶13] La eile d'Fionán ag dul tar sliabh do bhris cos an eich & do bheannaig í ionnas gur leanadar a cnámha da chéile & do chuireadh an t-each na h-ionnad fein fan c-carbad, & níor iomshláine roimhe í & tug mola & grása do Dhia. Do ghuidh Fionán an rígh fá bhragha do bhí aige do leighean amach dó & níorbh áil le mac an Righ an bhrága do leighean amach, do bheanadh aurlabhra de féin air an lathair sin, a dubhairt Fionán ris an rígh da t-tugair an bhragha dhamh do bhear urlabhra dod' mhac, do leig an righ an b[h]ragha uaidh, & táinig aurlabhra gan fuireach don mhac agas tugsad grása do Dhia. Do ghaibh easláinte mhór manach do mhúintir Fhionán go raibh se bliaghain
¶14] Lá eile d'Fionán a measg mórán daoine táinig fearthainn mór chucha d'fliuch go h-iomarcach éaduídhe na n-daoine do bhí 'na timchioll, & níor bhain aon bhraon {MS page 12} re h-éadach Fíonán, air n-a fhaicsin sin dá raibh 'na thímchioll tugsad mola & glóire do Dhia & d'Fíonán.
¶15] La eile tháinig Fionán d'fios Mui Cheallóch Naomh, do bhadar dá bha uim aonlaogh ag Mui Chealloch, do mharbhadar na madraoi laogh na bó eile roimhe sin, & do aithin Muicheallach an laogh do mhar do choiméad go géar air na madraoi, a dúbhairt fear dá mhúinntear Fionán ní dhiongnaidh sad olc dó an g-céin do bhias Fíonán is an m-baile, tángeadar na madraoi an oidhche sin & do mharbhsad an laogh, do innis fear dá mhúinntear sin do Fhionán, do chuaidh Fionán an ionnad úrnaighthe, & do guidh Dia. Táinig an maictíre do mharbh an laogh air an láthair sin chuim na bó mar do bhiaidh laogh míni ann, & do lígheadar na bá é mar badh é a laogh féin do bheith ann, ní gheabhthar sin uait air Fíonán acht tabhair laogh leat an ionnad mo lao[i]gh a dhúadhais, d'imthig an maictire & táinig air n-a mhárach & laogh gléigeal ró-áluinn leis chuim na bó & d'fan féin ag chóimead an laoigh, & ní dhéarna féin & níor leig do bheathadhach eile urchóid do dhéanamh do na buaibh ná don laogh. Do shlánaig an Fionán so cúigear on b-pairilis, & tug urlabhra do chúigear do dhaoinibh balbha, as a h-aithle sin. Lá tháinig Fionán go a ceardcha gobhainn, agas do briseadh teanncuir an ghobhann, & an t-iarann dearg 'na beal, d'fiafraig an gobhann do Fionán cread do dhéanfadh sé, glac an t-iaran air Fionán agus buail é. Do rin an gobha mar a dúbhairt Fionán, agus ní dhéarnaidh an t-iaran dearg urchóid do.
¶16] Lá eile do chuir Fionán neach dá mhuintear do iasgaireacht san loch do bhí san machaire mar a rabhadar a bha & a dubhairt atá aóidhe a teacht chúgainn anocht, d'imthig an teachtaire agus tri h-éisg leis as an machaire a rabhadar na ba