Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 18

Cid tra acht 'ar sgaoiledh na coinne clocc-naomhtha, & 'ar n-gluasacht do na cleircibh on comhdáil-sin, tárla fledh urlamh ionchaithme ag Ronán díadha degh-timpirech do Thigernach uasal-craibhtech mac Cairpre {folio 141v} & do na cleircibh arcena. Ocus do gluaisettar na cléirigh do chaithemh na fleidhe, & do cuiredh i t-tighibh loghmara leaptha na cleirech. Ocus is é fa ronnaire ar in ruithen-fleidh, Murcadh malach-dhubh, ó f-fuilit aicme Murchaid. Cidh tra acht do roinnedh an fhledh-sin la Murchadh ar na cléircibh.


p.125

Ocus tarla Naile cona coimite cléirech gan cuimhniuccadh. Ocus do chuimhniccedh Naile cona cleir ag Luan & ag Murchad do dhermat go míthapaidh. Ocus o '-tcúalaidh Naile a dermat imon deigh-fleidh-sin, do ferccaiccedh & do lonnaighedh an téo fosadh feithmech fír-éolach fir-bhrethach, & an Spirat díadha dércach dáonnachtach, óir nír sáoil go c-coingebhtáoi a bhecc da cíos nó dá cáin da cloccaibh no dá cléircibh 'na cert-dheghaid, ó do milledh a mucha-sin h-i.

Cidh tra acht do éirgettar na cleirigh a n-áoin-fecht, & ro ghluaisestair Luán da luath-ionnsaighe, & do batar go h-omhnach imeaglach, millti, micóirighthi, eter cleirech & chosccar-laoch, espoc & uasal-naomh, shaccart & shalm-cetlaidh, macaomh & mhór-ingin ar eccla na luath-easccaine. Cidh tra acht ro imghestair Luán go luath ata ghluinibh go Naile, & do ghabhustair Tigernach ag ísliucched mór-fheircce an naoimh-cléirigh, & 'ga innisin narb é Lúán budh lain-ciontach, acht Murchad da mhór-dhermat.

Ocus do raidhestair Naile go neimh-lescc: ‘Esccainim-si an Murchad-sin cona maicnedhaibh, dimbuaidh ronna ar a roinn, & {folio 142r} air féin, & ar a aicmedhaibh 'na dheghaid’. Ocus do ráid Lúán go lain-ésccaidh: ‘Do gébthar rádh Tighernaigh go láin-esccaidh úaim féin & om aicme dom éis’. Ocus do ráidh Náile go n-gebadh breath Tigernaigh don toiscc-sin. Ocus as í breth rucc Tigernach do Naile fán c-cúis-sin: dechmadh na fleidhe, & dechmadh gacha h-aoidhigeachta alla amuigh dá árd-phort féin úadha féin & ona aicme dá eis do Naile, & da aird-mhionnaibh tara éisi. Ocus as do na comhtaibh cédna comairce láimhe deircce da thermonn & dá cloicc-mionnaibh.14

15