Conadh ann as-bert Naile:
- 8Luan os gach lúan
Go brath, cidh innsa,
Gurab rí os cineadh na c-clann-sa
No go t-ti tú rim-sa.
Amhail at-bert:
- 9{folio 136r}Tiodlaicim rath a righe
Is tigernus a thire
Duit, a Luáin, ó so amach
No co tis rim ar t-aithlech.
Ocus do h-imderccadh fan macamh uime sin & asedh adubairt: Cred fa t-tiucfainn friot, a naoimh-cleirigh? Fá bhernadh mo pinginne baiste fam naoim-chléircibh duit féin & dot aicmedhaibh at diaigh. Ocus do ráidhestair Luán go luath-gháirech: Slionn-si féin go friochnamhach gach ní as dú fá dhegh-bhaistedh, go m-ba cuir, & go m-ba fiadhain na náoimh-cleirigh ar in cíos-cáin-sin oníu go t-tí an bráth gan bréccnugadh.
Ocus do raidh Naile na briathra-sa ag ainmniuccadh na cíos-chána:
- 10Acc so luach do lesaighte
A Luáin óicc, arm-cocra;
Ar do bhreith o bhoirb-dhiabhal
Gusan Trínoid tóccaidhe,
'S ar righe do troim-chinidh,
Ar críochaibh na cuáin-Eirne;- Duit féin is dod cinedhaibh
Dligidh niamh-clocc Naile
A t-tús gacha trom-catha
Romaibh féin gó firinnech;- Ni brister ó bhar m-biodhbhadhaibh
Oraibh cath no cosgar-troid,
Da m-bhe oraibh gan imresain
Dínech mo chluicc comhramaigh;
- Búdh slán é ó úr-armaibh
Biaidh meisi is mo míorbhuile
Ettraibh is gach aon urchar,
Chaiter ribh do ruadh-armaibh.- Congmaidh mo cháin comramach
Damh go díles duthrachtach,
'S na millfidher bhar mór-flaithes
Go deiredh an droch-saoghail.- Ag so duit an dlúth-cáin-sin
Dlighim-si ód chinedhaibh:
Céid-sherrach gach aon lára
Is céd-arc gacha crán-muice{folio 136v}
Is ced-laogh gach bó benn-bláithi,
Ced-úan gach aon cáorach;- Agh lán as gach buan-ghabhail
Do chrechaibh bar c-comarsan,
Nó, madh a t-tír a trom-ghabhail,
Is agh trí n-glac gnathaigim
D'fágail úait is ot aicmedhaibh;
Lan glaice 'na glan-adhairc
Lan duirn 'na dluth-chruibh-si,
Lan baisi 'na búan-erball.- Dlighim fos go fírinneach
Corn gach circaill comhdhaingin
Do dhabach 's do dluth-tonna,
Is punnann gacha bláth-arbha;
Cuid dála 'na deghaidh séin
11Da gach aon d'ár n-úasal-chléir;
Dligim fos go fiadnaisech
Mesccan as gach mór-maistredh.- Dligim screpall caomh-catrach
O gach aon dot aicmedhaibh,
Iter mac is móir-inghin,
Pinginn óir re a h-ainmniuccadh,
Nó a sé d'airccett aithlegtha;
Screpall buadhach bainnsidhe
Dúal damh ó gach degh-bhanais
O shíol Luáin luaith-creachaigh.- Dligim caiscc go comhramach
Ó gach táoisech trén nonbhair
Dot síol, a óicc airm-neimhnigh;
Meth do duthain droch-saoghail,
Da n-obaitt an naom-caiscc-sin.
Cuirim Criost a c-coraighecht
Orm, a Luáin lúath-armaigh,
Duit 's dod chloinn at ceirt-deaghaid.- Go ma moide bar mór-conach
Do biadh is do bláith-édach,
D'eallach ocus d'ionnmasaibh,
Mo cáin gan a dísliuccadh.- Adeirim ina deghaid sein,
Da millti an mór-cáin-si,
Do-béra me mitreisi
Oirbh fa criochaib comharsan;- Do-bér gorta gér-ghaibtech
Ocus díth ar deigh-eallach,
Is gerr-sháoghal guasachtach{folio 137r}Do mnaibh is do macaomaibh,
Muna c-congbha a cháomh-cáin-si,
Dlighes me ód móir-chinedh.- A Luain mic Iorgalaigh,
Ag so luach do lesaighthe.