Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 13

Cid tra acht ro comhfhúaccradh comhluadar coinne & comdála ag cléircibh na criche gan conntabairt, & ag ard-naomhaibh Locha Éirne gan amharus. Ocus táinic da h-ionnsaighi séin Tigernach tráth-urlamh taobh-faid-gheal, & Ronán rádh-urmaisnech rathmhair-ghlic, & Sinell slécht-urlamh, snuaidh-míolla, & Senach sochraidh sáoir-cherdach, & Fergus féichemanta follas-bhrethach, & Comhgall céillidhi clocc-náomhtha, & naoimh imdha ele 'san comhdháil choitchinn sin.

Ocus is é ionad a raibhe coinne na c-caoimh-cléirech ag an caraidh chomhurdraic, áit a b-fuil lec Naile, & 'ga n-dernadh an baistedh gan bréccnuccadh. Cidh tra acht ro h-ullmaigedh le Naile naoimh-cleirech, & do-chuaid i n-acchaid na naomh go neimh-lescc gusan c-caraid c-comhramhaigh c-cédna, & do feradh failte ag na h-ard-naomaibh re Naile cona cleir. Ocus do moladh leo ferta & míorbuile & mor-crabadh an naoimh-cleirigh.