Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 11

Cid tra acht, a do-connairc Da T'Ernóg na troim-ferta-sin, & Naile go neimhnech 'gá indeachad, ro imthigh an t-erlamh ar a ghlúinibh on grían-topar i r-raibhe gusan tulaigh i r-raibhe Naile cona cleircibh, & iss edh adubairt fris: ‘A éo díadha dércach deig-bertach, & a coinnel chobhsaidh craibhtheach for comhlasadh, & a naoimh rioghdha rathmair, na ben nemh dím tríd mór-fertaibh’. Do fhreccair Naile go nemh-ghoirt na briathra-sin uadha, & as-bert: ‘Ní bhenuim nemh dít, a naoimh-chleirigh, & benfatt an baile fár búain-érais ar n-érlamha fá fhuar-uiscce dít. Ocus fáccbhaim duit gibé crioch ina c-comhghlúaisfe, & gibe ionad i n-gébha ecclas gan amharus, go m-ba h-é a sagart ag senmóir, & a deigh-cleirighre dlúth-guidhe Dé ann .i. coin allta ag tochailt do reilcce, & sionnaigh aga srúibh-iarraidh’.

Ocus do fhreccair Da T'Ernócc na troim-aithescca-sin, & asedh as-bert: ‘Fágbhaim-si gan caoirigh it cháoimh-cill-si’. Ocus do freccair Naile é, go n-dubairt: ‘Fágbhaim-si tnuth lochta na c-cáorach re na c-caoimh-édaighibh’. ‘Fágbhaim’, ar Da Th'Ernóc,


p.108

‘dergnaide aga bhar núalot, {folio 133v} & lochait 'ga bhar lúath-milledh’. Do freccair Naile é go n-dubhairt: ‘Cuirim-si na dergnaitte 'sna dlúith-chuirrcibh, & na lochta ann sna lethan-choilltibh’. Ocus do labhair Da T'Ernócc go n-dubhairt: ‘Fagbaim-si maisi aon oidhce ar bhar luachair’. Ocus as-bert Naile: ‘Fagbaim-si luachair go h-ursannaibh isin árd-bhaile, & faccbaim buadha 'san m-blaith-cill .i. co m-ba h-í an tres deatach bús deigh-enaighe foghnamh a crích maoith-fertach m-Breifne .i. detach mo naoimh-chilli-si, & detach móir-fhertach M'Aedocc, & detach búan-rathmar Brícin’.

Ocus as-bertsat na naoimh na runna-sa:

    1. A T'Ernócc éirigh ar fecht,
      Fácc an baile damh tre reacht,
      Imtigh on chill as glan lí,
      Ní búdh duit a somháini.
    2. A Naile as binn labhra,
      Do náemh ni fhuil do shamhla,
      A n-eccóir indarbthar thoir
      Mé om cill díles duthaigh.
    3. A T'Ernócc ata 'gun c-crois,
      Ni diadhacht duit a n-dernois,
      Díultadh re duine fa digh
      Fa thoradh talman tréudaigh.
    4. Fagbaim, ar T'Ernocc na t-tres,
      Diombuaidh caorach ann buddes.
      Ced lem, ar Naile, o nimh,
      Buaidh édaigh ann is oinigh.
    5. Iomad dergnad ann is lochat,
      Ar T'Ernóg ann tre dochar.
      Ar Naile: Sgriosfad sin
      Iad a c-cuirrcibh 'sa c-coilltiph.
    6. Fagbaim ann, ar T'Ernóc cain,
      Maisi oidhce 'ga luachair.{folio 134r}Biaidh, ar Naile, as derbh soin,
      A luachair go h-ursannaiph.

    7. p.109

    8. Baistfe mé do bhaile bláith,
      Cluain Cáomh ba ced-ainm don raith,
      Dísert Topair, as reidh ród,
      A ainm re linn Da T'Ernóg;
    9. Ceall Naile, fír an fáth,
      Budh é a h-ainm go thí an brath,
      Búdh lem-sa an baile glan
      Re crábudh 's re ceileabhradh.
    10. Budh í so an tres detach glan
      Neoch bus deig-enaighe foghnamh,
      Dethach Naile, is glan-fot,
      Detach Bhricin is M'Aedhóg.
    11. Búdh oirdeirc mo baile binn,
      Búdh iomdha cleireach im chill,
      Búdh iomdha dámha im dún glan,
      Ocus búdh cruaidh a crábhadh.
    12. Maircc nech tiucfus rem t-sáoire,
      Mairg nech cuirfhes mo dáoire,
      Maircc mhesus mé, ger mo ghae,
      Maircc ara m-bia m'fala-sa.
    13. Maircc comharsain tiucfa im port,
      Maircc mhillfes m'fér 's mo ghort,
      Ifern iter shen is ócc,
      Is gairde sáoghail, a T'Ernóg.

      A T'Ernoc.