Cid tra acht o't-cuala M'Aedhocc ferta iomdha iolardha an naoim-sin, .i. Náile, & gur uó náemh díles degh-ionnraic a n-ionad Mo Laisi h-é, do chuir teachta chuicce do dhaingniuccadh an dluth-chadaigh, & do certuccadh a caoimh-creidimh amhail ro baoi eter Mo Laisi & M'Aedhócc, & is é ionadh urmaisnech áiridhe do gabhadh ag na glain-érlamhaibh .i. Díseart turcharthach taitnemh-glan na t-Topar, frisa ráiter Ceall nóis-bhrethach Naile aníu; & dárbho comhainm Cluain Caomh gan conntabairt, no gur gabhustair Da Th'Ernocc an tríath-bhaile.
Cid tra acht immorro tainic Naile cona mhóir-chleir & Máedhocc cona mhancaibh a c-coinne na comhdála-sin gusin caoimh-cill chloicc-fertaigh, & ro suidh Naile cona mhór-cléir ar mullach na mór-thulcha, & a {folio 132r} druim risan c-cairthe os cind an bhaile. Ocus do ghabh íota adhbhal é ar in láthair-sin; & do ghairestair Flannán mac Fiachna, mic Fergusa, chuicce, & do ráidh ris dol go náomaibh an bhaile gan búan-toirmescc d'iarraidh dighe go deifirech. Ocus do imtigh Flandán leis na tosccaibh-sin, & do iarr deoch ar Da T'Ernóc dá tigerna; & dó ér & do eitigh Da T'Ernóc na toscca-sin, & is edh as-bert: Amhail do-rinnes-sa uiscce le mo míorbuilibh féin & lém fertaibh, dénaidh an cenn-sin creidimh & crabaidh Leithe Cuinn a cheirt-leithéitt.
Ocus do imtigh Flannán go fúasaidech frisna freccarthaibh-sin, & do innis dá oide sgéla. Ocus do lonnaigedh Naile go neimhnech do na comhraitibh-sin, & is amlaidh ro báoi, & a bhachall bhúain-fhertach go dírech ina dhes-láimh, & tucustair urcar tarsna na6 tri lan-air don bhachaill blaith-greanta, go n-deachaid fo búain-lecaibh na talman go tinneasnach; & do ráidh Naile
Ocus do eirigh Flannán leis an aithescc-sin, & do gabh an cúach gan conntabairt, & is e ionadh a b-fuair an bhachall blaith-ghrenta, trésan c-carraicc n-doibhriste n-dílenn, & ro meabaidh a sreph glan-fhúar gorm-uisge {folio 132v} ina deghaid go luath-athlamh, & do chromastair an chúach fon caoimh-uisge, & do thoccaibh an m-bachaill as an m-buan-talmain, & ro gluais go Naile go neimh-meirtnech, & do innis na miorbuile do na cleircibh, & tucc deoch don degh-uiscce do Naile. Conadh ann adubairt Flannan:
- A Naile, suairc an sed
Da b-fuarais, ni h-iomairbhrécc,
Topar grianach as derbh lem
Tre carraicc diamair dileann.- Do theilccis do bhachaill ban
A bun an chartha gan cradh
Tarsna tri lán-air 'nar n-dail,
Fo talmain di gan tóccbhail.- Is ann do thoccaibh a ceand
Tre charraic diamhair dílenn,
Go f-fuil uiscce grianach glan
Ina h-ionad go h-urlamh.- Fagbaim buadha 'gum topar,
Indisedh cach don popul,
Coimhdes d'ionnladh as d'ibhe
Mo topar co c-caoimh-ghile.- Buadha ele fágbhaim air,
Ar Naile, ba réidh stair,
Slaineochaid galair garbha
A uiscce gan fresabhra.- Iondlad go moch 'gom thopar
Mh'aircinneach bús reidh sochair,
Díol naire do biadh re h-edh
Do ghebha ina tigh aoidhedh.- A h-aithle ionnlaidh go luath
Gabaid paider co comhlúath,
Saorfa mo mhainces go m-blaidh
Ar diabhlaibh 's ar droch-peacthaibh.- Maircc sháireochus mo cill cáidh,
{folio 133r}
Maircc nech ara t-tabrat gair,
Maircc ara m-bentar mo cluicc
Gacha maidne 's gacha h-easpuirt.- Maircc duine téid fam termonn,
Maircc shaireochus mo tempall,
Do gébha sunna re treall
Gairde saocchail is ifrenn.- Is me an teine is trén losccadh,
Mé an nathair is crúaidh costadh,
Bud geire ina guin gha
Mo cleirig is mo mionna.A Naile.