Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 9

    1. Mall th'imtecht 'ar t-teacht ar séd,
      A Naile, ni h-imarbhrecc,
      Ni ruccais 'na bhethaid
      Ar Mo Laisi Daimh-Innsí.
    2. {folio 131v}
    3. O thesda m'oide díadha,
      Mo Laisi, fa reidh riagla,
      Cenn crábaidh Erenn uile,
      Fa díadha, fa degh-duine.
    4. Tucc comhartha duinne re n-ecc
      Mo Laisi nach canadh brecc,
      Antí ar a t-toirnfedh clocc cain,
      Búdh é ar t-tigerna ar talmain.
    5. Ar c-cenn duit, a naoimh nemhdha,
      A Naile nua-dealbdha,
      Gabh tigernus oirn ré seal,
      Go raibh go cóir ar c-creidemh.
    6. A n-Daimh-inis na c-clocc m-binn
      Do bí Naile, is derbh linn,
      Ticc re h-edh náoi m-binn m-bliadhna
      Do coruccadh ar c-caoimh-ríaghla.

    7. p.105

    8. Fa mór a crabudh 'sa chert,
      Fa diadha, fa dlúith a recht,
      Fa naomhtha, fa maith a clí
      Eter chléircibh Daimh-Innsi.
    9. Fa buidech naoimh Leithe Cuinn,
      Is naoimh Leithe Mogha moill,
      Do Naile nár char ba,
      'S da briatraibh mine malla.

      Mall.