Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 6

Ocus an uair do fhéchustair Coluim Cille cona cléircibh ar Naile cona nós-buidhin, ro leiccetar ar a n-glúinibh dó íatt. Ocus ó 't-connairc Naile an onóir-sin ag in príomaidh penn-chorcra paider-bhinn aga tabhairt dó búddéin, ro léiccestair a glúine go talmain go tinnesnach d'umhla don úasal erlamh. Ocus tuccattar téora pócc d'araile go tinneasnach .i. Colum Cille & Naile, & do fheratar na cléirigh comh-fáilte fris archena; & at-bert Colum Cille na briathra-sa:

    1. Mochen do theacht andes,
      A Naile, d'ár núa-les,
      Do gebha, a naoimh as binn glor,
      Ar n-aoibh ocus ar n-onoir.
    2. Do raidh rim aingel do nimh,
      A Choluim Chille cráibhtigh,
      D'iarraidh mennait ort-sa sin
      A m-biadh mo cluicc 's mo cleirigh.
    3. Do ráidh Colum Cille cáidh:
      Bennaigh an baile-si attám,
      Dena reclés griobhdha glan
      Ann, a mheic rígh móir Muman.

    4. p.103

    5. Éirgis, Náile niamhdha,
      Is Coluim, ba radh ríaghla,
      Is bennaighter léo an baile glan,
      Iter og ocus érlamh.
    6. Toccbais Naile a lamha
      Le Día gur ghuidh go dána,
      Go f-faghbadh biadh is deoch dil
      Do Choluim cona chléircibh.
    7. Ba lán d'iascc an traigh uile,
      Bá mórdha a míorbhuile,
      Ba lán do cruitnecht corcra
      An tracht, bá cúis ro-mholta.
    8. Sléchtait na cleirigh uile
      Le faicsin na míorbhuile,
      Mét a fherta taobh re taoibh,
      Ocus óicce an mhacáoimh.
    9. Inbher Naile an átha
      A ainm go laithe an bhrátha
      Bronnaim, ar Colaim na c-cned,
      Duit, a Naile, as mochen.

      Mochen.