Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Naile (Author: [unknown])

section 3

Ciod tra acht do chaithsett gan imsniomh gan uiresbaidh a ríghe go ro-chonáigh, gur toirrcedh an ríogan, & rucc gein mór oirdeirc meic don toirrces-sin. Ocus an uair dob áil a breith da baistedh, tainic an t-aingel ar beind na h-altora a b-fiadhnuse cáich go coitcheann, & do raidh riu do glór glan-fhollus: ‘Tabairter Naile d'ainm ar an óicc-lenamh, doigh amh bud naomtha an or-coinnel, & creidfid cách uile don cháoimh-erlam.’