Is don Eitne-sin tarfás an aisling inggnáthach iongantach .i. toirrces do theccmáil di, & a follamhnuccadh go lán-urlamh, & cuilén feidhm-nertmhar fer-chon do breith don toirrces-sin, & a fortraccadh a lemhlacht gur bo lan d'as & d'fir-lemlacht, gach aird & gach uchtach i n-Eirinn da éis. Ocus bedhgais an ríogan as a codladh re h-iongantaighe na h-aislinge, & ro dúisigh sí an rí go ro-urlamh, & do-ronsat na roinn-si:
- Aisling at-connarc gan col,
A Aongais na nech n-athlamh,
A rí Clíach, as ríoghdha an goil,
Tucc imsniomh mór im menmain.- At-connarc ben torrach trom,
A Aongais na roscc ro-mall,
A rí Muman, as mór cairt,
Re h-edh náoi míos gan malairt.- Ro lamnadh me da eis soin,
A meic Nadfraoich feidm-nertmair,
Assedh ruccus, a ded geal,
Cuilén feramhail fer-chon.
{folio 129v}- Fothraiccther a lemhnacht lán
An cuilen cona becc snámh,
Gur' bó lán gach íath re a linn
Do lemhlacht uile i n-Eirinn.- Do raid Aongas fa geal cnes:
Bérair mac, budh é do les,
Lionfaidh an Éire gan fheall
Da chrábudh 's dá caoimh-leigeann.- Do-rad Patraicc bennacht m-buain
Duit is damh i c-Caiseal crúaidh,
An uair tucsam an baile binn
Do Patraicc mor mac Calpuirnn.- Do raidh riot go m-bérta mac
Damh, a inghen as geal glac,
Gomadh lan beoil f-fer n-Eirenn
Da chrabhadh 's da cháoimh-léighenn.- A inghen Criomhtainn na neach n-ard,
Bí go subhach, a gheal gharg,
Ag sin duit, gid geal do lí,
Breth urlamh na h-aislingi.Aisling.