Ro bái araile fer i t-treabhlaid móir go h-ainmesardha on m-bolgaigh, Tómás ó Godáin a ainm, & ro benadh a urlabhra & a aithne de, & ní raibhe acht beccán dia anmain ann; & mar dorinnedh díneach dó le maic-cléirech Mheic Creiche; & 'arna tabairt don maic-cleirech cetna lena h-ól don easlán asan c-clocc sin Mheic Creiche, tainicc a urlabhra & a aithne do fócétóir; & ro maoidhedh le cách na miorbhuile sin. Conidh iarsin dorinne Tomás o Godáin .i. fer na bolccaighe in laid:
Tomás O Godáin
- Mor na ferta sa dar lem
Doroine in terlamh oram,
Mac Creiche darab buan bloidh
Tucc mé o bhás go bethaid.
- {folio 98r}Creidim don mionn sa rem táoibh
Táinicc a h-ucht an fhíor-naoimh;
Ní thicc credh daoine asteach
Ina m-bérthar a dhineach.- Tucc damhsa comairce raith
Mac Creiche na mionn mór-maith;
Dlighim fognamh dó seach cách
Ó nar dermait a ócclach.- A cluicc 'sa bachla cama
Arar h-eccradh óir lecca,
Cóir do chách uile, fir damh,
A miorbuile do mhaoidhemh.- A cháin ar fheraibh Muman
'S ar Chonnactaibh do bunadh,
Termonn do chléirchibh a ceall
Dlegar o fheraibh Erenn.- A miorbhuile gus aniugh
Do budh decair a n-airiomh,
Ata riamh le nert gan clodh
Ag denamh na b-fert f-fir-mór.- In laidh si le creidemh cóir
Gibe gebus 'na onóir,
Doghebha itche gan logh
Béraidh leis gach buaidh lán-mor.Mor.