Do mholatar cách a c-coitcinne gur maith gach ní da n-dubairt an t-eccnaidhe. Ocus atbert Blathmac gur mor na míorbuile & na ferta doronadh annsin. As fír éiccin, ol Mac Creiche, úair bidh Druim na f-Ferta ainm an droma sa óníu go bráth, & bidh é Loch m-Broicsidhe in loch sa thios go bráth. Ocus doronsat na cleirigh a c-codach & a n-áontaidh re 'roile; & doroine Mac Creiche ulaidh & adradh, & tuccadh a chána & a chumhala go {folio 97r} Mac Creiche; & do gabh acc ceilebradh don tír, & acc techt tar a chánaibh; & isedh asbert: Maith an turus tangamar don tir-si da cabair; & bidh maith doibhsiumh é, dia c-coimhlit mo chana sa rim fein, & rém comharbaibh tar éis a chele go brath, & bidh olc muna coimhlit.
Ocus atbert an laoidh ann:
Mac Creiche
- Maith an turus tangamar
Do dhéoin coimsigh cáimh,
Do chobair shluaigh Fhermhacach
As gach tír do thir.- Broicseach aga sluccadh san
Uille na gach olc,
Uil-peist uathmar anaithnidh
Nír fétadh a coscc.- Maoldala is Mac Aiblen
Is Blatmac as cáidh corp,
Ocus náoimh in tíre so
Nír fhétsat dibhsi a coscc.
- Do raidhset na naoimh
A n-aithesc go grod:
'Fáccbaidh uile an tír;
Ni thicc dhinn a coscc.'
- Fiarfaighit flaithe Fermacach
Do Bhlathmac blaith-bán:
'Re furtacht in m-bia ar súil
No an f-fuil duin a n-dán?'
- 'Eirgidh co mac ochta Ailbhe,'
Ar Blathmac co m-brigh,
'As esin gan breicc
Diongbhus an plaigh díbh.- As dó do deonaigh Día
Do ched choimsigh cáimh,
Gach teidhm is gach tres
Do chor as bhar t-tír.'
- Tiacchait flaithe Fermacach
Dom iarraidh budhdhes,
Da f-furtacht da f-foiridin;
Turus dob é ar les.- Fuaratar me ar clar-mhaghaibh
Ar brú Locha Léin;
Damhsa, mar búdh lan-mhanaigh,
Do shlechtsat go léir.
- Adubhratar uile,
An sluagh féta finn:
'Do breth dheit, a naoimh-cléirigh,
Tar is cabair sinn.'
- Do ghellsat damh uile,
Feraibh, macaibh, mnaibh,
Sgreapall gacha duine,
Is beith uile fam' cáin.- Teccar damh Día a rathachus,
Orra as fír an fath,
Imon m-breith neoch do fhaccbus sa
Do comhall go brath.
- Ticcim-si leo anall
Tar Sionainn na sreabh,
Teccait óir as fír
'Sa tir leth ar leth.- Teccait uile an tír
Cugainn inar n-dáil,
Ocus slechtait damh,
Feraibh, macaibh, mnaibh.- Ticc an peist 'na n-diaid
'Sa choraidh gan cosg,
Ticcit ar mo chul,
Is geibhim mo clocc.- Aitcim Iosa oll
Go ro coiscc an peist,
Ticc caor asin clocc
Go n-deachaid 'na cráos.- Lasaidh a brú bailc,
Ar ba glan in rún,
Gan bréicc, is na ceil,
Téid a neimh ar cúl.- Tionntaidh tara h-ais
Gusan loch budhdein
Mar rainic a bruach,
Beiridh 'na lar léim.- Téid fan loch budhdéin,
Tic cathir 'na sproc,
Donít an sluagh uile
Altuccadh buidhe a coiscc.- Ticc 'sa loch arís
'Na sesamh, fa grain,
Eighit uile an sluagh;
Uch, fa truagh an gháir.
- An fad do bí an peist
'Na sesamh mar sin,
Fa furtacht domria
Aitchim Dia do nimh.- Ticcim urcor dhi,
Oir fa luinne lem,
Do chumhdach mo chinn
Cuiridh é fa a cend.- Gabhais fós 'ga h-iombathadh
Mo bharrain réim raith
Ba réil do chach uile
'Na choire mhór maith.- Dingis ina cam-lubaibh
Isin loch co léir,
Gan eirghe fá cách
Go t-ti bráth don peist.- Slechtait damh na slúaigh,
Feraibh, macaibh, mnaibh;
Teccait damh co léir
Mo breath féin do cháin.- Teccar damh annsin
On t-sluag féta fhinn
Cáin gacha treas bliadhna
Ar riaradh mo mhinn.- A each is a erredh
Ro dam fia sa on flaith;
Rot fia sa ón anos
Asa los gach maith.- Mo screapall bec bith-beo
Damh do dhéonaigh Día,
Ni berar marbh anabaidh
Asin tigh i m-bia.
- Pinginn cíos mo cleirigh
Nech tucus on Róimh,
'Sa h-íc do réir riaghla
Gacha bliadhna doibh.- Faccbhaim buaidh tigerna
Foran tír búdhdéin,
Buaidh rioghna, buaid rechtaire,
Cén rabhat dom réir.- {folio 97v}Buaidh riogh, buaidh rechtaire,
Búaidh c-cleirigh h-i c-cill;
Búaidh maisi, búaidh marcaidhechta,
Búaidh óla gach linn.- Faccbaim ith is bliocht
Isin tír-si attáim;
Faccbaim mes is mor-toradh
Cén coimhlit mo cháin.- Faccbaim-si buaidh n-gaisccidh
Da laochaibh gan fhell;
Cen coimhlit mo cháin
Ní berthar a n-geall.- Urnaighthe mo mháoir,
Dínech mo cluicc cáidh,
Síad dibh ar gach m-beirn
Diongbus teidm is pláigh.- Trí fáidhe mo cluicc
Romhaibh h-i c-cath cruaidh,
Acht go c-coimhle a gheis,
Bérthái leis gach búaidh.- Céd-laogh, ced-úan, céd-mennán,
Céd-arc crána a cró,
Dlighim do shlúagh Fermacach,
Aderim ní gó.
- Faccbaim-si da righ
Eirghe roimh mo clocc;
A meth fan treidhe
Muna eirghe go grod.- Gach plaigh, is gach galar,
'S gach teidhm uathmar án,
Dingebat da c-cetraibh
Gen coimhlit mo cháin.- Da f-feraibh, da mnaibh,
Da n-iarsma budhdéin
Dingebhat na plagha sa,
Gén rabat dom réir.- Gach nech diobh dom riara sa
Beid ar deis Dé bí,
Rachait uile ar nemh,
Eter fher is mhnáoi.- Da c-congbat cáin comhramaigh
Gach aon díbh da n-dual,
Cuingeobhat go h-oll-bladach
Iad ar in m-bith m-buan.- Bidh me an uil-peist ledartach,
Da n-dernait rim gó;
Bed sa riu go freccartach,
Da millit mo scéo.- Atlochar do Día;
An péist, as garb rún,
Oír as damh as ced
Gan a techt ar c-cúl.- Atlochar do Dhia
Mo bharráin co bráth,
Mar do ládh fan pést,
Conar léicc fo cách.
- Ger bó h-édach lachtna
Mo bharráin réim raith
Ata 'mun peist gan brón
'Na choire mór maith.- Gach aon don tír toccbus
Mo clocc co reim raith
Osa glún le gó
Fáccbhaim-si dó meth.- Mo secht fichit bliadhan
Co feil cainnel raith,
Atlochar do Dhía
Gach ar fiad sa maith.Maith.