Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 17

57

{folio 96v}Asa h-aithle sin tangatar an tír uile ar druim uas ur an locha don dara leth, & na clérigh don leith araill. Ocus bennachais Mac Creiche iarsin an tír, feraibh, macaibh, mnaibh, & tiomairccther a crudh & a cana as gach aird da


p.44

ionnsaigidh; & an fer diolmhain ag na biodh acht a arm, do beiredh dósomh a bhreth féin de; & teccar each & erredh a c-cind chomairle .i. a t-tríath & a t-tigerna chuicce, maille le cách. ‘Faccaibh fágbala forsan tír,’ ar Blathmac, & ar na maithe. ‘Cidh dom fia sa asa los?’ ar Mac Creiche. ‘Do cháin do comhallnadh frit mhancaibh & friot féin, & tiomthacmung tigerna, eter each & erredh, feibh atchí anois,’ ol na maithe. ‘Fáccbhaim-si buaidh taoisigh forsan tir,’ ol Mac Creiche, ‘& alladh riogh, & buaidh rioghna & rechtaire, & buaidh c-cleirigh.’

58

‘Faccaibh tuilledh,’ ol na maithe. ‘Cidh doghebh sa ar a shon sin?’ ol Mac Creiche. ‘Doghebair céid-ghein gacha h-eallaigh.’ ‘Faccbhaim ioth & bliocht in bhar t-tír, & mes for bhar c-coilltibh, & toradh in bhar t-talmain.’ ‘Faccaibh tuilledh,’ ol na maithe. ‘Cidh bhias damhsa ar a son sin?’ ar Mac Creiche. ‘Biaidh,’ ol na maithe, ‘cíos do cluic gacha bliadhna.’ ‘Faccbaim-si buaidh n-gaisccidh for bhar laochaibh, & iomarcraidh gacha tíre accaibh. Fáccbhaim gach teidhm trom-ghalair thiocfus in bhar t-tír, díneach mo cluicc & urnaighte mo mháor da díochur eiste; & an triath no an tanaiste bhes ann, a mheth no a écc, muna eirghitt ríasan c-clocc sa, & a meth nó a écc gibe nech don tír chuirfes tar a glún suas le gó nó le h-éitheach é go brath.’

59

‘Ocus faccbhaim daoibh'na agaidh sin gan beith ní bús úaite ina an líon tángabhair im dhochom sa madh dia c-comhaillti na cána so.’ Ocus atbert:

    Mac Creiche

    1. Trí cét fo trí thangabhair,
      D'feraibh arm-ghlana uaille;
      Cén comhailltí mo chána,
      Ni bheithi ní bhús úaite.

‘Faccbaim ní ele daoibh, an t-eallach forsa m-bia mo screapall, gan teidhm trom-ghalair do thecht chuca go brath, & gan marb anabaidh do breith asan tegh i m-bia mo sgreapall. Faccbaim daoibh an uair nach comhaillfithe mo chana, & nach riarfithe mo mionna, na h-uile tedhmanna & galra agh dail foraibh dogres, & demhan misccnech miorúnach ettraibh do gnath, gomadh fealltach fionghalach cach uaibh 'má cele; & gach uair atchífidhe


p.45

mo clocc sa, gomadh oil, & gomadh athais da bhur f-fine a fhaicsin gan a cháin do chomall fris. Faccbaim ní ele fós, trí fáoidhe mo cluicc romhaibh a c-cath, & bidh maidm romhaibh ar gach leth, da c-comhaillti mo chána.’