Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 15

48

Ocus asa h-aithle sin do gabadh a n-eich ána osccardha dóibh, & do ghluaisettar da chéd décc líon a c-cuidechtan; & Blathmac cona tri caectaibh do shruithibh & do shenoiribh, maráon ris. Ocus do fáccbatar Maoldala & Mac Aiblen & na naoimh ar céna ac coimhét an tíre. Ocus 'arsin do ghluaisetar an dirim degh-sluagh co tric tinneasnach do tharrachtain a t-tíre gan milledh neithe budh mo; & rangatar tar sruth Sionna anonn, & h-i c-crích Ciarraighe Luachra, & assin {folio 95r} go bruach Locha Léin. Ocus toirlingedh Blathmac asa carpat acc faiccsin Meic Creiche, & toirlingit cách uile ar chena, & imtighit an magh ara n-gluinibh i n-docum an cleirigh; & ferais Mac Creiche failte re Blathmac, & fóchtais Mac Creiche scéla dhe; & innisidh dó gurab dia iarraidh-siomh táinic fein, & na maithe sin, dia sáoradh on eiccendáil i r-rabatar, & día f-furtacht.

49

Ocus ba h-amhlaidh baoi-siumh an tan sin 'ar c-cur na criche uile fa dháoir-chios dúr-fhognamha dó féin & da mhancaibh co brath; & adubratar cach uile amail adubairt Blathmac. Ocus as amhlaidh bái Mac Creiche; ní bái ina fharradh acht Mainchín namá, & an Finnfaidech. Ocus do ghabhsat ag cáoines iomaccallmha, & acc gealladh máoine & mór mhaithesa dó ara f-furtacht. ‘Cidh as rátha damhsa risan n-gealladh sin?’ ar Mac Creiche. ‘An tuath forsan ecclais, & an ecclas foran tuaith,’ ar Blathmac, ‘& cách uile 'gut bith-réir; & do cháin do chomhalladh duit gacha tres bliadhna, & da screpall béo bith-beo for gach teallach, & cíos do cluicc gacha bliadhna.’