Ceilebraidh Mac Creche doibh, & fáccbaidh a bithbennacht suthain diles marsin ag muinter a mathar; & issedh docuaidh Mac Creiche ass sin go h-Imleach Iubhair dochum Ailbhe, ar ba h-e mac cridhe Ailbi e. Ocus ni cian do bái ann, co f-facaidh aigi techta a Tuadh-Mumain & a Corcumrúadh ar co t-tiosadh da n-accallaimh co Carn Meic Tail; & ruccadh dano beannachtain d' Ailbhe ar impide fair imthecht ann. As lescc lem sin, ar Mac Creiche, & gidh lescc, raghat. Bá h-adhlobhar & ba trogh, & ba críon annsin e, ardáigh a áoisi immorro. Gidhedh tánic Mac Creiche & Mainchin rompa amuigh o Imleach Iubhair go rangatar Inis Tóma Fionnlocha co Luchthigern, & anaidh annsin ó shatharn co mairt.
Ocus atcuaid Mac Creiche do Luchthighern in ní ima atrácht; {folio 91v} & ro fhorcongair Mac Creiche for Luchtigern techt frisan les cetna .i. do guidhe na cáirde; & do raidh nar bó córa dósomh les Tuadh-Muman do denamh ina do Luchtigern.
In rachaim ne rompa? ar Luchtigern. Ní racham, ar Mac Creiche, co raibhe in gabhail i n-urlaimhe cugainn. Is annsin ron geis doibhsin dul budhtuaidh gusin m-boroimhe uile. Da c-creididh sibh uaimsi, bhar Mac Creiche, as decair damh imthecht; is am adhlobhar, & is am críon in méiti is um sruithiu dhe. Do bhennacht dobhera furtacht dona h-occaibh, ar cách. As fír sin, ar Mac Creiche. Rachat sa cibe ní dobéra Día dhamh and. In mair an cairrine, a Mhainchín? ar Mac Creiche. Mairidh ámh, ar Mainchín. Nom-berar asso, ar Mac Creiche, conam raltair im chairrín. Ocus berar dano, ar sé, in gabáil eter ceitriu, & edach, & duine, co t-taisbentar ann uile in gabáil. Maith tra, a Chorcu Mruadh, in fuil i n-Eirinn fer sheacht m-blíadhan ar ocht fichtibh forsa tarta imthecht, acht meisi am aénar namá?
Is annsin ro ládh in carpat riasna ceithribh. Suidhighidh trá, a Chorcu Mruadh, bar m-bú cona m-bradaibh tairsiu, & dosléiccidh im deadhaid, & tabraidh soisccéla imaibh; & tiucfam úile dibhlínaibh isin maighin cédna gan tesbaidh duibhsi, & an cháin d'aisecc dúinne. Ro gabh an carpat riasna ceithribh otá sin co Magh n-Aói; & ní deachaidh bó díobh don chonair, anonn nach anall, acht i n-deadhaid an charpait uile dóibh, & ní ro la bhrad asin t-suidiugudh doradadh forra fon ceduair. In tráth no bidís na clerigh ag ceilebhradh, no andáis na ceithre ina tost; in trath no imtighdís na clerigh, no imtighdís na cethra; in bhail i n-andais na cleirigh fri h-oidhce, no ticcedh Mainchín{folio 92r} & in Find-faidech Mheic Creiche fora mhuin, & bachall
Isi sin abairt doghnittis go rangatar Magh n-Aói budh tuaidh. Mor tra do fertoibh doronsat co rangatar co crich Maighe h-Aói. Is annsin ro batar draoithe Aodha meic Eachdach ara cinn do fromadh anfis na c-clerech; & doratsat na draoithe snechta dona cleircibh, co nar fhetsat imthecht ann. Diongbaidh sud, ar na cleirigh. Ní dhingébham, ar na draoithe. Ro h-sénsat na cleirigh é, co n-derna grían áilghen doibh. Imtigit na clerigh an lá sin coidhce. Doratsat dano na draoithe ceo taran tír on trath go aroile, co na cuimhgedh nech dibh imthecht ann idir. Tallsat na cleirigh an céo doridhisi. Is annsin asbertatar na clerigh frisna druidibh: Ciodh nach dionghbhaithi an snechta út, & in céo, amhail tuccsabair íatt? Ní chuirfem, ar iadsomh. Gurab olc daoibh bhar n-draoidhecht oníu co brath, ar Mac Creiche.
Is annsin do fhágsat in bhraitt ar Maigh ái, & docuatar féin d'accallaimh in righ. Nir léiccedh isin dún íad, & ní fhuaratar freccra maith amach. Iompáid na clerigh dochum a muintire arís, & fáoisiot in oidhce sin arin moigh, gan digh, gan bíadh. Gabaidh tart mor Mac Creiche. Masa maith le Dia, ar sé, gidh iomdha deoch an righ, na rab mó mo thart sa ina a thart resiu tí lá. Ro bás acc ól & acc aoibhnes agan righ co trath luighe. Ocus dochúatar da leaptoibh asa h-aithle. Muscclaiss an rí asa chodladh, & geibidh tart & tiormach mor é; & ni frith díol a iotadh dó i r-Raith Cruachan. Tícc an la faoisin. Gabhtar a eachradh don righ, & teid do riaruccadh na c-cleirech. Bennachais doibh. As bennaighthe thusa, ar Mac Creche, acht co t-tuccair dúinne gach caingen chuinghemaid. Tabhair deoch damh, a clérigh, ar sé. Do thórainn Mac Creche in talamh, & ro mhuidh sruaimh uiscce ass; & as tiopra Mhec Creche a h-ainm fos ar Muigh Crúachan. Líontar cúach Aodha meic Eachdach de, & coisccidh a íotu.
Sléchtaidh áodh dó ainnséin, & do ráidh: Dobheirim-si