Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 11

31

Is annsin tainic Mac Creiche andes & tri braithre a mathar lais, gusan uile ionnmus ruccadh leo budhdes. Ocus dorinne fiort amhra ag techt andes dia m-batar braithre a máthar go h-íotmar anffann a h-aithle a c-cuibhrigh, {folio 91r} & do ghabh íota mór íad ag dol o Raith Muighi siar. Do thórainn Mac Creiche in talamh co t-táinic uiscce aníos ass; & do dhiolsat a n-íotaidh uile de. Ocus doronsat caisiol imon topar, & ata in topar sin ar Maigh Uladh; & ícaidh gach n-galar & gach urchoid gusa t-tabharthar a uiscce.

32

Do battar immorro Ciarraighe a c-comhdháil a Muigh Uladh ara chind, & tuccsat bennachta dó arin fert dorighne doibh .i. an Chrom Chonnuill do diongbáil díbh ag dúl budhdhes; & a creach & fuaslaccadh na c-cimedh doibh asin cacht irrabatar, gur thoirbhir doibh i n-áen-dáil uile iad. Is annsin, dorattsat Ciarraighi a


p.23

m-bennachta uile dó i n-én-dáil, uair ba saor gar in mac doibh é, & dorinne deigh-les doibh im gach ní már ghuidhettar é. Doratt somh bennacht doibhsiumh dano, & dorad doibh cocain a chille, cetmad uadh doibh budhdéin an céin nach beith aga tairbert badeisin. Atracht somh dia maithribh ara ghaire doibh.

33

Is annsin dochúatar Ciarraighe i n-iomaccallaimh for leth seach in clerech, dus ciodh doghendais fris. As fair deisid ag Ciarraighe im edbairt dia coibhdelaigh .i. do Mhac Creiche, óir bá sodhaltach fríu, & ba duthrachtach doibh, i n-diaigh dorat cocáin a cille & a bennachtan dia maithribh re taobh sochar doibh budhdéin, cibe bus maith díbh rot saorfa. Ise foircend doradatar for Mhac Creiche asa n-aon-dáil .i. trí fichit bó somhaoineach uatha gacha tres bliadhna, no, dámadh rogha leo, screpall gacha deisi uatha gacha tres bliadhna. Fáccbaidh Mac Creiche na faccbhala so do Chiarraighe .i. nert ina feraibh, & buaidh c-comraic & gaisccidh orra, & buaidh ana & bleachta ina fond.