Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 6

10

Is annsin tainic Ailbhe o Imliuch Iubhair do dhol i n-árainn; & tainicc co Fid-inis, áit i raibhe Mac Creiche. Ocus nírb ésin a ched-ainm, acht Mac Croidhe Ailbhe; Mac Creiche dano a ainm an tan tucc aisecc na creiche a túaidh ó h-Aódh mac Eachach. Ciodh tra acht do iarr Ailbhe ar Mhac Creiche techt lais dochum n-áirne; & do innis Mac Creiche d' Ailbhe amhail do bi an glas air, & an leth docuiredh an eochair.

11

Ro ansat in oidhce sin maraon le Mac Creiche; & tucc


p.16

Dia a c-cuid leth ar leth doibh. Ocus dochuaidh Ailbhe an oidhce arna marach ar cenn uiscce gusan tioprait 17 isin aill ata leth túaid don inis, co f-facaidh an téiccne 'san tiopraitt. Tucc leis é don tigh, & ro gherr & ro chosgair é; & frith an eochair imedhón an bhradáin. Sléchtais Mac Creiche do Ailbhe imon firt sin do dhenamh fair; & oscclais Ailbhe do Mhac Creiche, & téid Mac Creiche lais dochum n-Airne.