Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

chapter 3

4

La da raibhe an cleirech ag gabhail a psalm isin ditreibh, dochonnairc an t-ócclach ag faiccsin an duine naoimh dó bedgais, & ní ro labhair. Ocus do fhiarfaigh an cléirech de cuich é. ‘Becedhán m' ainm,’ ar sé, ‘& ag feghain m' ferainn ataim; & naisccim mo chodach fortsa.’ ‘Na len dím trá,’ ar in clerech, ‘& beir bennachtain; & nacham fhorgaire do neoch ele.’ Ocus do ghabh soiscéla & urnaighthe.

5

Imtighis an t-ócclach, & mar do bi ann,

dochonnairc

in diberg chuicce, trí nonbhair doibh. Ocus do fhiarfaigh dhíobh can asa t-tangattar. ‘Tangamar o Ghlionn Geimhin, & na Glasanaighar n-anmanna.’ Dorala cuca in t-ócclach, & ba sé a ainm-side .i. Bécedan. Ocus do bhadar ga ghuin 'ga oirleach co fada; & dar leo do bhensat a chenn do 'ar na ghuin doibh uile. {folio 87v} Ro shaer Dia & urnaighthe an cleirigh naoimh e; & ba sop sescca bái i n-áit chinn an ócclaigh acasomh. Imtighis an t-ócclach slán úatha.

6

Fiarfaighit na díbérccaigh: ‘Cid rod ainic, a occlaigh?’ ‘Rom ainíc,’ ar se, ‘cele Dé, dorad soiscelu rium ó cianaibh re c-comrac ribhsi damh.’ ‘Cait i f-fuil an clerech naomh sin?’ ar an díbeircc. ‘Cidh rob áil libhsi uadh?’ ar Becedhan. ‘Rop áil linn a riaruccadh, & ríar Dé úadhasan ó so co brath, ar dhaigh an anacail & na miorbhuiled doroine fortsa.’

7

Doníad sídh re 'roile .i. na díberccaigh & Béicedán. ‘As maith tarla daoibhsi dhe,’ ar in t-ócclach, ‘doghebhtáoi sídh Dé co brath don sccel sin.’ Téid an t-ócclach gusan indeilbh i raibhe in clerech ógh ainglidhi acc psalm-ghabhail a psalm. Bendachais an t-ócclach & an díbeircc dó; & sléchtuid uile dó. ‘Do ríar féin deit, a chlerigh,’ ar siatt. ‘Gabhaim uaibh,’ ar Mac Creiche. Cuirit uatha a n-airm uile; & edhbrait a c-cuirp & a n-anmanna do Dia & do Mhac Creiche. Edbraidh tra Bécedan a tír & a talamh do Mhac Creichi .i. Cill Meic Creiche na coilledh; & is ar ferann an ócclaigh sin ro suidhighedh Ceall t-Senbotha aníu.