Do cuaidh dino fecht ele isin ditreibh cetna, & do an innte fri ré cethrachat oidhce ele cen biadh, cen digh, acht mad énní, no aithighedh elit chuicce, & do thailedh a h-ass bainne 'na h-óenar i m-ballan nó i b-poll cloiche do bí i n-ursain in dítreibh ina raibhe seision; amhail derbhus an rann so atá h-i c-cethnait Mheic Creiche:
Rann.
- No aithighedh an eilit
Isin nindelbh cloiche,
Do thailedh 'sa bhallán
A h-ass do Mhac Creche.- Ballán cloiche leision
'San díthrib co demhin,
Don clériuch fhíal fháilidh,
Air do tháiledh an eilit.
Ocus do imthigedh an eilit roimpe fona coilltibh asa h-aithle sin, co t-tigedh dorídhisi.