Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Meic Creiche (Author: Unknown)

p.13

chapter 1

1

Incipiunt pauca de mirabilibus Mheic Creche .i. Mac Creche mac Pesslain meic Erce o Chorcu Mruadh Ninois a chenél. Naoi fichit bliadhan a aés o laithe a ghene co laithe a écca. Ba h-e tosach a ratha co n-deachaid i n-ditreibh fil eter Formáoil .i. ainm ionaid & an Eidhneach i. abhann. Clúain h-&Í ainm in bhaile i raibhe-siumh acc tathuighi a ernaighte.

2

Is í métt in indelbh, ceitheora cloch .i. cloch rena druim, cloch cechtar a dha taobh, & cloch ara aghaid. Is annsin do thionnsccain Mac Creiche in corgus do dhenamh ar uamhan & ar eccla ifrinn. Ocus ni rucc leis isin ditreibh do bhiadh acht mad aen bhairghen namá, & ceithre gassa bioruir; & ní thoimhledh nach ní díobh acht día domhnaig nama. Ocus 'ar t-tairccsin an charguis leis, nír caith do biadh acht arán & anghlas domhnach cascc. Is annsin fuaratar a coibhnesta isin díthreibh é da éisi sin; & tuccadh isteach é; & do bí coimhétt air go fada iarsin.