Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Fursa (Author: Unknown)

section 13

Ord immorro a físi as doibh amháin nó innisedh h- í .i. don lucht nó iarradh ar daigh congaine cridhe. Ocus maraidh fós, ar Béda, araile senóir do lucht ar mainistrechni, ocus is h- é-sin innises gur' aigill féin araile duine craibhthech fírebertach, ocus is é-sin ro innis co f- facadh féin Fursa ocus gur' aigill i n- Airthir Saxan, ocus co c- cualaidh féin ag an c- cleirech an fís sin, & conidh i n- aimsir geimhridh{folio 52a} ro h- innisedh. Ocus co raibhe sioc mor ann maille fri snechta, & nach raibhe acht edach tana fóill uime, ocus co t- tainic allus mor dhe tre cuimhniugudh na h- eccla romhoire ro bhai fair ina fís amhail bidh i medhón in t- samradh no innisedh.