Feacht ann didiu gabaidh galar trom an ri-sin i medhon a righe go ro díchuir uadha a n-gialla do cach go ro thionolsat fir Muman go h-aén-baile & ro fiarfaidhset don righ. Cidh ara n-diochrae uait do righe? Secht fingala do-rónus, ar eisiumh, & maith lim dol dom ailithre. Go ro troiscset fir Muman fair gu ro gabhadh a righe úair dar leó ní fuighbittis rí badh amhra inás. At-bert immorro Cúi Gan Mathair na gebadh uatha go t-tardtha dó a rogha anmcharat. Cia eissein? ar firu Muman. An t-í Mo naemh-Lagga, ar eisium, ar ro-fettamar conidh onorach ag Día an fer dianat umhla na h-aighi allta, amail as-bert an fili:
Tiagait tra fir Muman iar sin h-i c-coccur im chomairci do therman Mo Laga & do-níatt trosccadh for Mo Laga go ro gabadh Cúi Cen Mathair ar a shoiscela im trocaire. At-bert Mo Laga nach gebadh go tárdta dó sáire {folio 132v} a thermainn & co tardtha dó eidire fris & co tístais fir Muman ina thimchell .i. ó Dharaigh Mo Chua go h-Inis Gubain ag Uinnsinn don taoibh-sin & ó Fheirn Leabáin go h-Uinnsinn don taoibh thoir & ó Ath na Lec go Dairmagh ar medhón & do-radad sin dó, & it íad na h-eidire .i. Cuan mac Amalgaidh ri Áine Cliach & Conaing Ua Daithil comarba Ailbe tar cenn an t-slúaigh ó Cláire go h-Echtge im comhalladh, Cúi Gan Máthair immorro & Ruisine mac Lapai comarba Bairri o Claire budhdes, Cuimín
- Is maith lem, ar Cúi Gan Mathair,
moiltha deiblen
loichi lind-bán
an fínd-mál
for-osnai an ednén.