Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Molaga (Author: Unknown)

section 8

Feacht didiu do-rala Mo Colmog & Mo Laga do tigh Cathail mac Aedha Flaind Cathrach rí Muman. As eisidhe lá do-rala ecc mná an righ do breith meic go c-cualattar na cleirigh cai an mheic. Cia do-gní an chái? ar na cleirigh. Mac becc ruccadh don rígh & as dia breith as marbh a mathair. As cúi meic gan mathair, ar Mo Cholmog. Bidh é a ainm, ar Mo Laga, Cúi Gan Mathair. Conidh de ro len


p.17

Cúi Gan Mathair. Geallaidh Mo Cholmócc annsin nemh don mnai & tathbeoaighidh Mo Laga h-í on tráth go céile. Gabaidh tra an mac-sin iartain righe Mumhan tria bhennachtain Mo Laga .i. Cúi Gan Mathair mac Cathail, conidh uadh Eoghanacht Glendamhnach.