Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Molaga (Author: Unknown)

section 6

O ro genair tra Mo Laga ruccadh dia bhaistedh do saighidh Mo Chuille & Dubh Dlighidh lais co rochtattar Áth an Chairn &


p.16

do-chuattar tar an ath budhthúaidh & is annsin tainic Cuimín Foda mac Fiachna cona cléircibh seach Carn Cuilinn indes ar ammus an átha cétna & at-bert Cuimin: cuideachta romhainn, ar se, & timthirecht aingel úasta ó nimh go lár. Dubh Dlighidh sin, ar Comhdán, & a mhac tairngertaidh aicce. As día bhaisttidh berar, ar Cuimín, d' ionnsaighe Mo Chuilli & na léigem uainn daigh as sinn ro-thairrngir & as linn a bhaistedh. Fostaighter iarumh íatt ag Croiss in Tuinidhi {folio 131v} i m-beola an róitt fri h-Ath Cros anúas. Et o do-ruachtatar aén-ionadh at-bert Cuimín: Masa mac tairngertidh Dé an mac-so & ma ata ag Día ferta & miorbuile do denam dó siredh féin dó uiscce as a m-baistfidher ar ni ba h-uiscce ele raghas tairis amail ro thirchansaim-ne feacht oile. Berar iar sin in náidhe tre forchongra Cuimine gusan torpán luachra at-conncatar na cleirigh isin phurt don leith atuaidh don ath. Et coraigther os é fáon ann é & ro shín iar sin an naoidhe a lamha amach & do-ralatar dí shimhin gacha lámha dó & do-ratt a ghreich as re h-airiuccadh an fhuachta & ro tógbadh in náidhi do lár iar sin & at-ract suas.