Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Molaga (Author: Unknown)

section 5

O 't-cúala tra Cuana mac Cailchin an lánamhain n-aésmair sin do theacht i ndáididh & an c-cailligh do beith alachta tre rath an spirtu naémh tuccadh chuicci dia lesuccudh íatt ar onóir an mhic ro tirchanadh ann & do-beirthi cuibhreann coiccir doibh gach n-oidhche dá gach biadh & da gach lind no caiththe ann & bó bhalláin os í bith-bliocht tria bithe doibh dia frithailimh & ro ba da trian muirir do Chúana fir Erenn ag saighidh do dechain na lanamhan ar n-dol i n-óicce dorísi. Et ro ba mór an rath do Mo Laga a airdercugadh amhlaidh-sin riana ghein.