Tiagait iar sin na cleirigh for a c-cuairt i n-deiscert Erenn. Adubairt immorro Dubh Dlighidh fria bhann-sccail: Eircc-si budhes go h-Ath Cairn Chuilind, risa n-abar Ath Cros aniú, & raghat-sa go h-Ath Ichtair Fhedha, risa n-abar Ath na c-Caérach aniú, dus an tochradh do neachtar de úainn lánamhain fora n-erailfimís coimhriachtain, ar ro thirchan Cuimin an ghein do-dingéntai ind uair-si go madh lán Éiri & Albu dia clú. Do-ronsat iarumh amhlaidh-sin díblínaibh acht ni tarla doibh lánamhain dia n-earbtais sin & fa
Ba firt amhra iarumh dona næmhaibh ro thircansat an ghein-sin & don mac naemh ro tirchanadh ann. Et an lánamhain-sin d' feidhliughadh i n-óitid o sin amach go cenn seacht mís .i. no co ruccadh Mo Laga naemh díar' bo cet-ainm Lachin.
- Tairr a chailleach,
ar Dubh Dligidh,
re toiscc fia.
findgart fúa.
bhes as duinn
do-ridhnacht Día.- Densat naidhin
forsa roænaid
gein garta gradhuill.
ni lag luaidhim
gurbat lanamhain
óg alainn.