Corpus of Electronic Texts Edition
Betha Molaga (Author: Unknown)

section 3

I n-araile ló tra téitt Dubh Dlighid & a bhen do craobhadh iomaire lín do leth-táibh dess ráin an bhealaigh re h-Ath Cros atuaidh aniú go facattar cuca Cuimmin Foda mac Fiachna & Comhdhan mac Da Cerda go m-buidhin móir do cleircibh immaille friú. Is annsin as-bert Cummain: A senóir truaigh an tre tochar dhuit fri Día nach fil occat mac no úa not-saorfadh don monar-sin?


p.14

At-bert Dubh Dlighidh nach derna gaitt na gái na eissimul. Usaide linn cairdes frit ar coimhett na firinne duit, ar Cuimín. {folio 130v} At-bert Dub Dlicchidh: Ata cena biodba do Dhia i l-leith mo guirt & seacht mic aicci. Nachat geibhedh formatt fris, ar Cuimín, ar raghait for neimhfní a chlann-sin úair na derna réir n-Dé. Do-ní Dubh Dligidh aentaidh fri Cuimín annsin go ros-bennachsat an dís an lánomhain. Ro thirchan iarumh Cuimín go n-geinfedh mac sainemhail uaidhibh budh cenn & budh comhairleach do lucht na tíre & na talman uile, & adubairt go m-béradh an chailleach do Chaenruidhi seacht mhíosaidh budh laindeach lé & go madh eisen féin no-bhaistfedh & ní bá do uiscce dobhráin na lachan ná a fothraccadh ban na laochraidhe Líathmuine ro baistfidhi é acht a hess do shruth Iordanáin & adubairt go m-biadh fri leighenn iar sin & go madh h-i Tulaig Mín an Muighe in ard-ruire no bíadh féin. Adubairt an senoir íar sin na ro shaoil geinemhain úadha eter ge ro thairngirset na cleirigh dó & ro raidh: A cleirigh ror-bennach-ne fein. At-bert Cuimín: Bennachfat-sa an dís ó n-geinfe an mac mór rathmar ata ettorra & nemh ar at umhla do Dhía iatt & ad-bert Comdhán:
  1. Dubh Dlighidh is Minchollait
    is Cuimín ar c-cenn
    an oinmitt dia lenamain
    i mullach na m-benn.