Electronic edition compiled by Elva Johnston , Mavis Cournane , Donnchadh Ó Corráin , Beatrix Färber
1. First draft.
Extent of text: 3550 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G201004
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.
CELT: Corpus of Electronic Texts
The electronic text covers pages 1122
Text has been proof-read three times.
The electronic text represents the edited text excluding footnotes. The text is edited from B with variants from A and F. The electronic edition represents only the text and no variants are cited. Word-divisions and capitalisation are normalised in accordance with CELT practice. Expansions are marked in italics in the edition. Characters supplied by the editor are integrated into the electronic text.
Direct speech is not enclosed in quotation marks.
When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break, the page-break is marked after the completion of the hyphenated word (and punctuation).
div0=the life; div1=the section (numbered in sequence throughout the chapters). Metrical quatrains are marked and numbered.
Personal names and place names have not been tagged.
This text uses the DIV1 element to represent the section.
Created: By unknown monks in Irish scriptoria (Middle Irish Period?)
Beatrix Färber (ed.)
Elva Johnston (ed.)
Elva Johnston (ed.)
Donnchadh Ó Corráin (ed.)
Mavis Cournane (ed.)
Students at the CURIA Project (capture)
Mo Lacca didiu d' Feraibh Muighe Feine a chenél .i. do Uibh Cúscraidh .i. do Cloinn Luchta an ti h-i-sin do sunnradh, ar ro bhattar
I n-Uibh Cumhscraidh didiu ro genair Mo Laga .i. h-i l-Liathmuine uair ro bháttar a thuistighe-siumh i n-aimritteacht go a seann-dataidh .i. Dubh Dlighidh & Minchollaitt, ben-séin do Cænraighe uair nocha berthi clann doibh & ro chinnset-somh de sin beith i n-aentaidh bethamhnais chena & gan beith i n-aentaidh colluidhi ar ro bhensat ceill do cloinn, & ro bhattar isin t-suidhiuccudh-sin go cenn trichat bliadhan, amhail as-bert an file:
- Ro bái Minchollaitt ga comhall
gan coll riaghla
fo leith gan a ceile caemhda
tri deich m-bliadhna.
I n-araile ló tra téitt Dubh Dlighid & a bhen do craobhadh iomaire lín do leth-táibh dess ráin an bhealaigh re h-Ath Cros atuaidh aniú go facattar cuca Cuimmin Foda mac Fiachna & Comhdhan mac Da Cerda go m-buidhin móir do cleircibh immaille friú. Is annsin as-bert Cummain: A senóir truaigh an tre tochar dhuit fri Día nach fil occat mac no úa not-saorfadh don monar-sin?
- Dubh Dlighidh is Minchollait
is Cuimín ar c-cenn
an oinmitt dia lenamain
i mullach na m-benn.
Tiagait iar sin na cleirigh for a c-cuairt i n-deiscert Erenn. Adubairt immorro Dubh Dlighidh fria bhann-sccail: Eircc-si budhes go h-Ath Cairn Chuilind, risa n-abar Ath Cros aniú, & raghat-sa go h-Ath Ichtair Fhedha, risa n-abar Ath na c-Caérach aniú, dus an tochradh do neachtar de úainn lánamhain fora n-erailfimís coimhriachtain, ar ro thirchan Cuimin an ghein do-dingéntai ind uair-si go madh lán Éiri & Albu dia clú. Do-ronsat iarumh amhlaidh-sin díblínaibh acht ni tarla doibh lánamhain dia n-earbtais sin & fa
Ba firt amhra iarumh dona næmhaibh ro thircansat an ghein-sin & don mac naemh ro tirchanadh ann. Et an lánamhain-sin d' feidhliughadh i n-óitid o sin amach go cenn seacht mís .i. no co ruccadh Mo Laga naemh díar' bo cet-ainm Lachin.
- Tairr a chailleach,
ar Dubh Dligidh,
re toiscc fia.
findgart fúa.
bhes as duinn
do-ridhnacht Día.- Densat naidhin
forsa roænaid
gein garta gradhuill.
ni lag luaidhim
gurbat lanamhain
óg alainn.
O 't-cúala tra Cuana mac Cailchin an lánamhain n-aésmair sin do theacht i ndáididh & an c-cailligh do beith alachta tre rath an spirtu naémh tuccadh chuicci dia lesuccudh íatt ar onóir an mhic ro tirchanadh ann & do-beirthi cuibhreann coiccir doibh gach n-oidhche dá gach biadh & da gach lind no caiththe ann & bó bhalláin os í bith-bliocht tria bithe doibh dia frithailimh & ro ba da trian muirir do Chúana fir Erenn ag saighidh do dechain na lanamhan ar n-dol i n-óicce dorísi. Et ro ba mór an rath do Mo Laga a airdercugadh amhlaidh-sin riana ghein.
O ro genair tra Mo Laga ruccadh dia bhaistedh do saighidh Mo Chuille & Dubh Dlighidh lais co rochtattar Áth an Chairn &
Feacht da rainic Mo Lacca do Chathair Lemhainchi in Armumain bail i r-raibe moir-sheiser do gheinntibh cona muinntir ag adhradh díabul {folio 132r} co n-dechattar bás ar lár a c-cathrach & go ro h-adhnaicthi innte & go ros-féimdetar naeimh Erenn a t-taithbeouccudh go t-torracht Mo Laga, amail as-bert an fili:
- Co taithbeoaigh
in moir-sheiser
geinnti granna reimenn
triallaidh luaidim
ó ros-feimdetar
naeimh Erenn.
Feacht didiu do-rala Mo Colmog & Mo Laga do tigh Cathail mac Aedha Flaind Cathrach rí Muman. As eisidhe lá do-rala ecc mná an righ do breith meic go c-cualattar na cleirigh cai an mheic. Cia do-gní an chái? ar na cleirigh. Mac becc ruccadh don rígh & as dia breith as marbh a mathair. As cúi meic gan mathair, ar Mo Cholmog. Bidh é a ainm, ar Mo Laga, Cúi Gan Mathair. Conidh de ro len
Feacht ann didiu gabaidh galar trom an ri-sin i medhon a righe go ro díchuir uadha a n-gialla do cach go ro thionolsat fir Muman go h-aén-baile & ro fiarfaidhset don righ. Cidh ara n-diochrae uait do righe? Secht fingala do-rónus, ar eisiumh, & maith lim dol dom ailithre. Go ro troiscset fir Muman fair gu ro gabhadh a righe úair dar leó ní fuighbittis rí badh amhra inás. At-bert immorro Cúi Gan Mathair na gebadh uatha go t-tardtha dó a rogha anmcharat. Cia eissein? ar firu Muman. An t-í Mo naemh-Lagga, ar eisium, ar ro-fettamar conidh onorach ag Día an fer dianat umhla na h-aighi allta, amail as-bert an fili:
Tiagait tra fir Muman iar sin h-i c-coccur im chomairci do therman Mo Laga & do-níatt trosccadh for Mo Laga go ro gabadh Cúi Cen Mathair ar a shoiscela im trocaire. At-bert Mo Laga nach gebadh go tárdta dó sáire {folio 132v} a thermainn & co tardtha dó eidire fris & co tístais fir Muman ina thimchell .i. ó Dharaigh Mo Chua go h-Inis Gubain ag Uinnsinn don taoibh-sin & ó Fheirn Leabáin go h-Uinnsinn don taoibh thoir & ó Ath na Lec go Dairmagh ar medhón & do-radad sin dó, & it íad na h-eidire .i. Cuan mac Amalgaidh ri Áine Cliach & Conaing Ua Daithil comarba Ailbe tar cenn an t-slúaigh ó Cláire go h-Echtge im comhalladh, Cúi Gan Máthair immorro & Ruisine mac Lapai comarba Bairri o Claire budhdes, Cuimín
- Is maith lem, ar Cúi Gan Mathair,
moiltha deiblen
loichi lind-bán
an fínd-mál
for-osnai an ednén.
Sléchtaidh tra Cúi Gan Mathair do Mo Laga iar sin & do-bert almsana dó .i. a dá each & a erradh & cuach lán d' arccat & mías óir thairis & dealg lán-eccoir & seisrech gacha bliadhna & airmitti anmcharat righ Muman do grés for a comharba & caingen a cluicc do denamh ria gach clog acht clocc Pattraicc. Geallais immorro Mo Laga nemh tar cenn a comhaill-sin do ghrés da gach righ no gebhadh Caisel go brath & gan dul d' écc gan anmchairdes fair tria rath Mo Laga.
Isin aimsir-sin didiu tainicc Flann mac Eirc ri Gabhra do acallaimh Con Gan Mathair co socraitte móir lais go Tulaigh Airthir i t-termonn Mo Lagga gur gabh longport ann & ba fercc la Mo Laga sin. Madh íar m' écc-sa, ar sé, ni comaillfidher anní ro gealladh frim. Teid Mo Laga iar sin forsna h-aigibh alltai do díchur an t-sluaigh. O ro-síacht iarumh Mo Laga ro criotnaigh an talamh fon sluagh & ro gabh eccla Flann go ro luigh fó charpat Mo Laga & go t-tainic fo seacht an carpat thairis. Bennachais tra Mo Laga annsin Flann mac Eirc & fáccbaidh seacht riogha dia shiol for Mumhain & a fhlaithes fein aga shíl do grés & gerait ghaisccidh for a feraibh coidhche.
Luid didiu Mo Laga iar sin do Charn Sidai h-i Corca Baiscinn. {folio 133r} Is annsin tairnic lasin m-Buidhe Conaill lucht an tire do dith acht ceithre nonbair d' feraibh & ceithre móir-sheisir do mnaibh. Et ro aincestair Día íatt ar dáigh Mo Laga don teidm-sin gan nech dib d' écc go rócht a síl go naoi cétaibh & ro moradh ainm Dé & Mo Laga don firt-sin.
Is h-i immorro cathair as mó do bí ar sccath Mo Laga isin aimsir-sin
Is iar sin tra ro comhalladh gach tairingire do-rinne an drai .i. Grona Ilceolach mac Buain sen Corca Mogha, do Mo Laga fada riana gheinemhain. Co n-ebert:
- Ticfa buanadach
do Síl mor-Mogha
a cind ceirt-fhichet
's dá cet ceirt-bliadan
tar ar n-eisi-ne
caindel cosnamha
cach fó chumachta
cumdach (?) caemh-relig
im Charn Cuillindglas
fer non-díchuirfe
mac Eoin il-crothaid
go trí caém-drúthaibh
mic Lir ledartaigh
olca iartaighe
do chuain chumhachtaigh
cethrair conntrachtaigh
dichur deg-Tailgind
don luaim laitine
Grona Il-ceolach
mac Buain bríathar-gloin
is e thirchanus
gein an Táilginn-so
acht co tocomla
bim fo cumachtaib
luag a tharrngire
glais becc bunadh-glan
ticc seach garbh-thulaigh
ría athuaidh thairisfes
is chumass a caémh-reilecc
ainm tri codarsna
trid bús onorach
iar c-cuairt cæmh-relic
da chuairt choimlíonfas
a tír feisine
fó fer nos-tig.Ticfa.
{folio 133v}Iar losccadh tra an baile dona druidhibh et iarna múradh amail ro raidhsemar romhainn tainicc díghal cíach forsan tír .i. ro mheabaidh saighnen a h-ifern for lar Liathmuine .i. sruam teinedh ag losccadh an talman go c-cluinte a fuaim fon tír & ro bái go fatta amhlaidh-sin go n-dernadh sith fri Mo Laga.
Do-chúaidh tra Mo Laga for deabhaidh & ar imghabail a criche trena argain amlaidh-sin go rocht go Coindire i n-Ulltoibh co n-deachaid lá ann fri toiscc tar Fertais Camsa & ní fhuair curach acht
Luidh Mo Laga i nd-Albain iar sin go t-tuccadh balbh shecht m-bliadan n-dég cuicce. Bennachais Mo Laga iar sin é et ticc a erlabra dó.
Teitt iar sin Mo Lacca do saighidh Dauid Cille Muine et luidh dalta do Dauid dia fritholamh et as-bert-séin mí-fhocla fri Mo Laga. Benaidh aignedh Mo Laga fris et téitt bás eter an cuchtair et an aracal. Foda la Dauid ro bai et foillsighther dó oididh a dalta et ticc féin do fherthain fáilti fri Laithin. Bidh an dalta-so aga bhar frithalamh. Nibu h-e itir bhías, ar Laithin, ag ar frestal acht an fer táinic ar tús. As i an cóir, ar Dauid. Is h-í, ar Laichin. Bás acc adhnacol an dalta annsin et araidhe tathbeoaighis Laichin é et bái occ frithailimh Laichín go mattain et tétt bás íar mattain. Do-ghniatt iar sin an aéntaidh Dauid et Laichin et rob e Mo Laga. Brethnach immorro ainm an dalta at-bath ann et tuccadh an t-ainm-sin for Laichin do comalladh na h-aéntadh etturra et Dauid, conidh de sin rod-len Mo Laga Laichin o sin ille é.
Do-rad didiu Dauid clocc do Mo Laga annsin .i. Boban Mo Laga & at-bert an t-aingel risiumh tiachtain go Cluain Mic Nois & go madh ass {folio 134r} do-ghniadh sith fria bunadh-cenel féin. Tainicc iar sin roimhe go Dun Duibhlinne go h-Ath Cliath. Is annsin do-ratt-somh an Boban frisan aillsi bai for gruaidh righ an dúine go ros-íc et ro len an aillsi don clucc. Ro chinn iarumh an rí pinginn gacha srona i n-Ath Cliath gacha tres bliadhan do Mo Laga annsin et baile h-i Fine Gall .i. Land Bechaire uair is innte-sin ro fost Mo Laga na beocha do-rad Mo Domhnócc lais tairis anall dochum n-Erenn & for-feimidh féin a fastadh.
Do-riacht tra Mo Laga go Cluain Mic Nóis iar sin & ro-chualatar Fir Muighe anní-sin & do-chuattar a firu ara chenn et ro ghealsat comhadha móra dó et ni tainic leó et do-chuatar a macaimh & ni tainic leó et do-chuatar a mna iar sin et nochtait a cíche fris & ro ghabhsat-sein forra gach ní ro geallsat na buidhne rompa do comhall & a c-cuid féin .i. sgrepall gach aén-duine gacha bliadhna et caoga bó a c-coitcennus uaithibh uile le taobh almsan et duthracht cena amail ass-bert an file:
Do-deochaid tra Mo Laga lasna mnaibh & tangattar Fir Muighi uile ina comhdail go Tulaigh Mín & ro ghabhsat do laimh gach ní ro gheallsat féin & a macaimh & a mná do chomall fri Mo Laga & fria comharbaibh do grés tara éissi.
- Dlighidh Mo Laga d' Feraibh Muighe
mine riaghla
caecca bo bith-bliocht bána
gacha bliadhna.