Corpus of Electronic Texts Edition
The birth and life of St Mo Ling (Author: Unknown)

chapter 19

131

CAPUT XIX

59

{folio 52a}Táinic Mo l-Ling remhe andes iar sin, ocus ro innis do ríghaibh Úa Néill corb' í a toisc d' iarraidh maithme na Boromha. Nír' bo maith dano ra h-Uib Néill inní-sin, & ro ráidset ule cen comhérghe i tigh remhi. Táinic iarum in clérech isin tegh iar sin, & ní fuair coimhéirge remhe no co n-érracht Murchadh mac Aermedaigh132 remhe .i. athair Domhnaill. Conadh ann as-bert Mo l-Ling: ‘Rop let ocus lat shíl flaithius tría bithu.’133 Ocus ro suidh Mo Ling íar sin, ocus bái ic iarraidh na cairde forra.

60

‘Cía fat na cairde?’ ar síat. ‘Blíadan,’ ar sé. ‘Ni tó,’ ar síat. ‘A l-leth,’ ar sé. ‘Ac,’ ol síat. ‘Tabraidh raithe dano,’ ar sé. ‘Ac,’ ol síat. ‘Cairde co lúan,’ ar sé. ‘Do-bértar,’ ol Finachta.


p.48

61

Naiscis a curu iarumh annsin fair féin & for rígh do rígaibh Bregh, Bráen a ainm, ar rop dítre h-é i n-galur. Ocus luidh Mo l-Ling da indsaighidh134 & do-gní ernaighthi lais, & térnáidh135 fo céttóir.

62

Do-cóidh iartain don Temraigh, & ní ro léicc in dorsaidh inond h-é, ar at-rubradh ris cen a léccudh. ‘Nom-léicc anond,’ ar Mo l-Ling. ‘Ní féttaim,’ ar sé, ‘úair atá in rí i m-brón iar n-écc a meic. Is ced dó a bith marbh masa ced ra Día,’ ar Mo Ling.
Marbh in mac fo céttóir.

63

Ro suidh Mo Ling for lic cloiche imuich, conidh Lec Mo l-Ling at-berar fria. ‘Is deimin,’ ar cách, ‘is é Mo l-Ling ro marb in mac, & tabhar a ríar féin dó ar a thodúscadh.’

64

Tuccadh iar sin Mo l-Ling chuco, & ro geallsat a ógh-ríar dó & in mac do slánughadh.136 Do-róine in clérech ernaighthe ocusrna137 in mac fo cétóir. At-bert-somh: ‘An tuccsaidh,’ ar sé, ‘cairde co l-lúan damh-sa?’ ‘Tucsam,’ ar síat. ‘Co l-lúan laithe brátha ro naiscius-sa,’ ar sé.
‘Ní meisi {folio 52b} ticfa tairis,’ ar Finachta.
Conidh annsin at-bert Mo Ling:

    1. Finachta for Uib Néill,138
Luid Mo Ling ass da taigh iar sin.