Ro-siact iar sin dar drennaib & dar drobélaibh, & ní tarla ettarnaidh dó co ránic dar Fidh Cienach126 immach i Magh Muagnige127 co ránic dar in Righe fotúaidh. Deisidh isind inudh-sin, ocus atá Suidhe Mo l-Ling andsin. Tánccatar maic Aedha Sláine & a cléirigh léo co h-airm i r-raibhe Mo l-Ling. Is fatta ille, a cléirigh, ol síet, ro righis an comdhail. Righ Mná Nuadhat a h-ainm cosindíu, ar sé, ocus bidh Righe Laighen a h-ainm fodesta. Ocus bidh-sí bas coicrích don dá tír ó sunn amach.
Luid-siumh da tigh iar sin iar faccbáil in críchdha etir Laighniu ocus Ú Neill. Tucsat Laigin iar sin cís mór do-somh ar in crích d' fagbáil doibh.