Fáccbais Mo l-Ling annsin fáccbála maithe61 do rígh Caisil, ocus ceilebhrais don rígh, ocus luidh remhe co Slíab Margi, & déchais úaidh fodhes, & at-connairc timthirecht62 angel i r-Rind Ruis Bruic ós sruth-linntibh na Berba, ocus ráinic Mo Ling in inadh-sin, ocus fuair tellach m-Brénaind annsin. Do-rónadh tegh & ecclas andsin acc Mo Ling, ocus rop ingnadh la cách attrebh do dénamh ann sin, ar rop inadh slaitti & braiti & sáraigthi in t-inadh i r-ragbadh.