Corpus of Electronic Texts Edition
The birth and life of St Mo Ling (Author: Unknown)

chapter 8

CAPUT OCTAVUM

29

Ro tesc Collanach sacart a folt iarsin, ocus do-rad berradh manaigh fair, ocus ro gab pater imme, ocus as-bert fris techt co Maedóc Fearna do bith a daltusa fris. Ba h-óc álainn áidedach an clérech-sin. Ba gilithir52 snechta a curp. Bá deirgither {folio 47a} lossi corcra a gnús. Ní raibi i com-ré fris ro-sosedh cutrumus for a deilbh,53 ar ro bátar ruithne na Díadachta in a comhaitecht.


p.24

30

Luidh remhe for sétt íersin co ráinic Clúain Cáin M' Áedócc.54 Is annsin ro bói M' Áedócc ina ecclais ic dénamh a uird eclastacdai im teirt. Ro falsiged do M' Áedócc áighidh uasal anaitnidh do thiachtain cuce. ‘Lécidh dúin ind ord annsin,’ ar M' Áedócc, ‘ar atá for sétt cuccainn nech ris nad cubaid a fuirech.’ Do-roich Mo Ling in ecclas, ocus érgid M' Aedócc remhe, & ní ro suid Mo Ling ina inadh. Do-níther in t-ord iarum. Do-níat na clérigh a n-áentaidh iarsin. ‘Fáccaibh bennachtain linn,’ ar M' Áedhóc. ‘Fáicfet,’55 ar Mo Ling, búaidh comairgi & enich isin baili-sea: búaidh caingni cecha h-airechta i r-ragha aircennech an baile so.56 Cid mór n-imresna immorro bes isin baile acht co tisat isin tempul a n-dol fo sídh ass, cen éccnach an baile do breith sech crois móir na faithche.