Corpus of Electronic Texts Edition
The birth and life of St Mo Ling (Author: Unknown)

chapter 7

CAPUT SEPTIMUM

23

Trícha blíadan cosindiu do-deachaidh Brénainn mac Findlogha don muir co ro gaibh tír ocus caladhport for sruth-linntibh na Berba. Is annsin as-bert Brénainn fria


p.20

muintir: ‘Cuiridh36 bár lín isin cúan-sa,’ ar sé; ‘is doich is ionad gabála éiscc h-é.’ Ro cuirset a l-lín imach, co tarla brattan cach37 tres moccuil isin lín. ‘Cuiridh dorísi,’ ar Brénainn. Ro cuirset in fecht tánaise co tarla bratán cech dara moguil ann. Ro cuiredh38 in tres fecht in lín amach, co tarla bratán cach tres39 mucail ann. ‘Dénam aittrebh sund,’ ar Brénainn, ‘daigh is inadh mac n-ecailsi so,’ ar sé.

24

Do-rigne Brénainn tellach a tighe isind inadh sin, ocus ro ordaigh inadh na mainistrech and. Cnoc adbalmór ro bói ós cind in tige; no bidh Brénainn & a manaigh ic a rédhigud cech lái fodaigh comadh inad fognama don Choimdidh é, ocus comad h-é an cnoc úasal oc á rabhatar angil tairchetul40 dó h-é. Táinic angel co Brénainn and-sede & as-bert fris: ‘Na déna41 aitrebh sunna fadechtsa,’ ar sé, ‘ar ní dait atá i tairngire attrebh do dénamh sund, acht mac geinfeas i cind .xxx. blíadan ó 'níu, is é do-ghéna atrebh ann42 .i. Mo Ling Linne móire. Ocus is é gébhus i r-Rind Ruis Bruic ar43 brú Berba. Ocus bidh sochaide bérus dochum nimhe. Ocus do-ghéna a fherta & a mírbuile annsin, & tic a Thigerna44 i richt claimh da45 acallaimh.’

25

Conidh ann as-bert in t-angel:

    1. ‘Tricha blíadan’ etc. 46
{folio 46b} ‘Is tú tra in Mo Ling-sin, ar is tú ro ling in léim as mó ro ling duine & lingfes co bráth. Ocus as tú ro tairngir Victor angel, ocus bid h-é t-ainm airdirc fodesta, Mo Ling Lúacra.’

26

‘Cid ón, in fil atharda aile acum acht so?’ ar Mo l-Ling. ‘Ocus ma tá múinter damh h-é co n-dichius dia atrebh & da innaigidh.’


p.22

26

‘Fil immorro,’ ar in sacart, ‘ocus atá do máthair isin baile & innisedh duit.’

Tucadh in máthair cucæ iartain, ocus ro innis dó a dúthchus & a cenél, ocus amal do-rónad h-é. ‘A maic,’ ar in máthair, ‘fáccaibh do bennachtain acum, ocus tabair dilgud damh isin n-gnímh do-rónus.’ Conidh ann as-bert:

    1. An fracc do Cenél Sétna
      as í rom-alt fo cétt-blae,
      's tucc a Dé dilgudh don fraicc
      lúach i n-derna do dhichmairc47

27

‘Mór do t' imdergadh48 fuarusa,’ ar sí; ‘sochaidhe at-bert rim gur' bo49 gein cuil ocus corbaidh damh tú.’

‘Nemh duit-si, a banscál,’ ar sé.

28

‘Cid fháccbhai50 dam-sa dano?’ ar in sacart, ‘ar rom-indergad51 co mór treot. Ar it-bertis sochaidhe commadh mac collaidhe damh-sa féin tú.’

‘Nemh & sáegul deit féin ocus d' fir th' inaidh,’ .i. sacard in baile-siu. ‘Búaidh dano con & m-ban ocus ech ass, ar is íatt táncatar dom forithin ar na fúathaib.’